Giob Geab Gaelbhratach

Giob Geab Gaelbhratach

Fáilte chuig Giob Geab, podchraoladh de chuid Gaelbhratach! Seo guth phobal Gaelbhratach: dúshláin, deiseanna agus scéalta pearsanta na scéime. Cuirfidh muid an 5 cheist chéanna ar mhuinteoirí, ar dhaltaí, ar fhoireann agus ar phobal na scéime, maraon le guth phobal na Gaeilge ar théama atá lárnach i ngach eagrán.

Episodes

  1. 10/30/2023

    Ciara Ní Ghadhra: Forbair leis an Ghaeilge, agus cuidigh leis an Ghaeilge a fhorbairt

    Fáilte chuig an eagrán deireanach den tsraith seo de Giob Geab Gaelbhratach, podchraoladh a thugann léargas ar an scéim seo do scoileanna ar fud na tíre a chuireann an Ghaeilge chun cinn, ó pheirspictíochtaí difriúla. Seo chugaibh comhrá álainn le hiardhalta Gaelbhratach, Ciara Ní Ghadhra, a d'fhreastail ar Scoil Iosaef, Domhnach Mór. Tá Ciara ag déanamh staidéar ar an Mhicribhitheolaíocht ar Ollscoil na Banríona - áit a bhfuil sí mar chuid de scéim chónaitheach na hollscoile. Labhraíonn sí faoin chinneadh le staidéar a dhéanamh ar ábhar nach í an Ghaeilge í, agus an cúlra atá aici féin leis an Ghaelscolaíocht. Tá laige éisteachta ar Chiara agus rinne a tuismitheoirí cinneadh í a chur chuig an mbunscoil áitiúil, toisc go mbeadh na ranganna níos lú, agus tá Ciara buíoch go deo as an gcinneadh sin nó is uaidh sin a d'fhás an grá atá aici don teanga. Pléann muid tábhacht an chomhoibrithe, todhchaí na Gaeilge agus cumhacht an phobail. An ráiteas is cumhachtaí atá ag Ciara san agallamh seo ná: gur féidir leis an duine aonair forbairt leis an nGaeilge, agus gur féidir leo cuidiú le forbairt na Gaeilge féin. Cloiseann muid san eagrán seo freisin guth an phobail ar an gceist: Ar cheart do dhaoine le Gaeilge staidéar a dhéanamh ar ábhair taobh amuigh den Ghaeilge? Míle buíochas le Ciara, Cliodhna, Adhna agus Caoimhe. Lean Gaelbhratach ar Instagram @gaelbhratach TikTok @gaelbhratach agus Twitter @Gaelbhratach10 Go raibh maith agaibh as an tacaíocht don chéad sraith den phodchraoladh seo. Tá súil againn gur thug sé léargas daoibh ar shaol agus ar scéal na scéime, chomh maith le saol na Gaeilge agus saolta na n-aíonna féin. Tá Gaelbhratach á reáchtáil ag Gael Linn le maoiniú ó: Foras na Gaeilge, An Roinn Oideachais, An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, tríd an Crannchur Náisiúnta agus an Straitéis 20 bliain don Ghaeilge.

  2. 10/23/2023

    Cóilín Ó Coigligh: Bain úsáid as an nGaeilge atá agat

    Seo chugaibh an dara heagrán deiridh de Giob Geab Gaelbhratach, a thugann léargas ar an scéim seo do scoileanna ar fud na tíre a chuireann an Ghaeilge chun cinn, ó pheirspictíochtaí difriúla. Míle buíochas as éisteacht go dtí seo! San eagrán seo labhraíonn Kathryn agus Ella le Cóilín Ó Coigligh, príomhoide a bhfuil baint fhada aige le Gaelbhratach, a bhí ar an gcoiste stiúrtha don chéad cúig bliana den scéim. Labhraíonn sé faoin tábhacht a bhaineann leis an scoil iomlán a bheith páirteach i gcur chun cinn na Gaeilge, an tréimhse a chaith sé thall san Astráil ar mhalartú poist le príomhoide eile agus an méid a d'fhoghlaim sé ansin, agus fosta faoin ardú croí agus inspioráid a fhaigheann sé ó na paistí. Tagann téama chun cinn san eagrán seo: an tábhacht a bhaineann le cibé Gaeilge atá ar do thoil agat, a úsáid. Cloiseann muid san eagrán seo freisin guth an phobail ar an gceist: Cén tacaíocht a thig linn a chur ar fáil do dhaoine a bhfuil cúpla focal acu? Míle buíochas le Cóilín, Aodhán, Ciara agus Liam. Lean Gaelbhratach ar Instagram @gaelbhratach TikTok @gaelbhratach agus Twitter @Gaelbhratach10 Tá Gaelbhratach á reáchtáil ag Gael Linn le maoiniú ó: Foras na Gaeilge, An Roinn Oideachais, An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, tríd an Crannchur Náisiúnta agus an Straitéis 20 bliain don Ghaeilge.

About

Fáilte chuig Giob Geab, podchraoladh de chuid Gaelbhratach! Seo guth phobal Gaelbhratach: dúshláin, deiseanna agus scéalta pearsanta na scéime. Cuirfidh muid an 5 cheist chéanna ar mhuinteoirí, ar dhaltaí, ar fhoireann agus ar phobal na scéime, maraon le guth phobal na Gaeilge ar théama atá lárnach i ngach eagrán.