AN POD SPÓRT - Tuairisc Ó Bhéal

Tuairisc

Seo chugaibh ‘AN POD SPÓRT’, podchraoladh ina ndéantar plé i nGaeilge ar chúrsaí spóirt.

  1. 5d ago

    Deireadh go deo le ‘Maigh Eo, go bhfóire Dia orainn’ agus báidín Andy Moran ar snámh ar dheora áthais

    Tá an t-iriseoir ó Mhaigh Eo, Póilín Ní Chiaráin, le criú an ‘An Pod Spóirt’ chun labhairt ar bhua stairiúil a contae dúchaisi gcraobh na hÉireann. Pléitear chomh maith craobh peile na bliana seo agus cluichí ceannais chraobhacha na mban an deireadh seachtaine seo  Tá Póilín Ní Chiaráin i dteannta Darren, Pádraic agus Dara san eagrán deireanach sa tsraith seo de ‘An Pod Spóirt’ chun féachaint siar ar lá na fuascailte do Mhaigh Eo i bPáirc an Chrócaigh an tseachtain seo caite nuair a bhuaigh siad craobhna hÉireann den chéad uair le 75 bliain.  Tugann Póilín blaiseadh dúinn den cheiliúradh i Maigh Eo le seachtain agus caitear súil siar ar an gcluiche stairiúil in aghaidh Chiarraí agus ar na deora áthais a lean i bPáirc an Chrócaigh.    Cuimhnítear chomh maith ar na daoine nár mhair chun slánú Mhaigh Eo a fheiceáil agus labhraítear ar an misneach a thabharfaidh an bua don chontae.   Deir Pádraic, an Gaillimheach inár measc, go raibh áthas air féin fáil amach agus Maigh Eo ag déanamh ar cheann scríbe, go raibh a leithéid de rud is croí ann!   Pléitear freisin buaicphointí Chraobh Peile na hÉireann 2026, na buaicphointí agus na ceachtanna atá le foghlaim.   Podchraoladh é ‘An Pod Spórt’ ó Tuairisc ó Bhéal, sraith podchraoltaí ó Tuairisc.ie, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie. ‘An Pod Spórt’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.

    Deireadh go deo le ‘Maigh Eo, go bhfóire Dia orainn’ agus báidín Andy Moran ar snámh ar dheora áthais
  2. Jul 22

    Deireadh le ‘dhera’ i gCiarraí, dúil Mhaigh Eo sna dúbailíní agus iontas na neamhiontas…

    Caitheann Darren, Pádraic agus iarchaptaen Chiarraí Dara Ó Cinnéide súil chun cinn ar chluiche ceannais chraobh peile na hÉireann a bheidh ar siúl i bPáirc an Chrócaigh Dé Domhnaigh. Agus Ciarraí ag tabhairt aghaidh ar Mhaigh Eo caitear súil ar na gnéithe is tábhachtaí den choimhlint mhór, ó pháirc na himeartha go dtí na dúshláin shíceolaíochta agus phraiticiúla a bhaineann le cluiche ceannais. Pléitear chomh maith an ceangal a bhíonn idir cluichí ceannais iomána agus peile na hÉireann agus an ceacht mór a bhí le foghlaim ó thaispeántas Luimnigh in aghaidh na Gaillimhe an tseachtain seo caite.  Deir Dara linn go mbíonn muintir Chiarraí cáiréiseach roimh chluichí ceannais mar go bhfuil oiread sin acu caillte acu. Ach deir sé go bhfuil sé in am deireadh a chur leis an ‘dhera’ agus géilleadh don fhianaise lom os ár gcomhair.   Deir sé gur chruthaigh sárthaispeántas Luimnigh an tseachtain seo caite gur minice ná a mhalairt gurb iad na neamhiontais a bhuann na cluichí móra agus go mb’fhéidir go mbeidh Maigh Eo ag brath an iomarca ar na hiontais a d’fhéadfadh tarlú an Domhnach seo. Pléitear plean trí bliana bhainisteoir Mhaigh Eo Andy Moran, sárchumas Kobe McDonald agus David Clifford agus cé a bheidh á marcáil. An dtosóidh captaen Chiarraí Paul Geaney? Cá bhfuil buaic imreoirí óga Mhaigh Eo? An bhfuil laigí i gcóras cosanta Chiarraí agus an bhfuil tobar an áidh tráite acu?  Tráchtar ar deireadh ar an mbriseadh croí a bhaineann le cluiche ceannais a chailliúint. Trí lá a chaith Dara ag siúl i bPáirc Náisiúnta Chill Airne ag iarraidh dearmad a dhéanamh ar theip Chiarraí in 2023. Deir Pádraic, Gaillimheach go smior, gur ag triall ar an bpáirc chéanna a bheidh sé féin má bhíonn an bua ag Maigh Eo Dé Domhnaigh! Podchraoladh é ‘An Pod Spórt’ ó Tuairisc ó Bhéal, sraith podchraoltaí ó Tuairisc.ie, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie. ‘An Pod Spórt’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.

    Deireadh le ‘dhera’ i gCiarraí, dúil Mhaigh Eo sna dúbailíní agus iontas na neamhiontas…
  3. Jul 8

    Cluichí leathcheannais peile na hÉireann agus an Ghaeilge oifigiúil ar an ‘two pointer’

    Caitheann Darren, Pádraic agus Dara súil chun cinn ar bhabhta leathcheannais na chraobh peile na hÉireann – Contae an Lú in aghaidh Mhaigh Eo agus Ciarraí in aghaidh Átha Cliath. Cé a bheidh buacach agus cé a bheidh caillteach? Pléitear cén fáth gur fíor anois an seanchlíche gur ag brath ar thoradh na coimhlinte lár an ghoirt a bhíonn na cluichí. Agus contae Lú i gcluiche leathcheannais na hÉireann den chéad uair ó 1957 an gcuirfidh a n-eapsa taithí ar an lá mór as d’fhoireann Gavin Devlin? Agus cad faoi réalta óg Mhaigh Eo Kobe McDonald? An bhfuil sé déanta don ardán mór? Ní rófhada ó shin ó bhí Andy Moran, bainisteoir Mhaigh Eo, ag caint faoi phlean trí bliana agus is beag duine a cheap go mbeadh contae Lú, agus iad sáinnithe i Roinn 2 na sraithe, i ngiorracht scread asail de chluiche ceannais na hÉireann? Agus deis ghlórmhar gan choinne ag an dá chontae áit a bhaint amach sa chluiche ceannais, cé a thapóidh í? Sa chluiche leathcheannais eile beidh súil ag muintir Chiarraí a chruthú go bhfuil tréimhse mháistreachta Átha Cliath críochnaithe go ceann tamaill agus beidh seanfhondúirí cumasacha fhoireann na hardchathrach ag iarraidh a thaispeáint nach bhfuil deireadh déanta go fóill. Beidh go leor ag brath, a deirtear, ar chic amach iontach na Ríochta agus an féidir le hÁth Cliath taoide na seilbhe a chasadh. Pléitear chomh maith an téarma oifigiúil nua Gaeilge ar an ‘two pointer’ agus insíonn Dara dúinne faoina laethanta i mbun anailíse le Joe Brolly. Caitear súil sciobtha siar ar bhabhtaí leathcheannais na hiománaíochta agus ar cliseadh Chorcaí. An raibh baint ag an iomarca fuilibiliú le teip na Reibiliúnach? Agus cé mhéad bonn uile Éireann atá buaite agatsa, a Dhara? Podchraoladh é ‘An Pod Spórt’ ó Tuairisc ó Bhéal, sraith podchraoltaí ó Tuairisc.ie, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie. ‘An Pod Spórt’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.

    Cluichí leathcheannais peile na hÉireann agus an Ghaeilge oifigiúil ar an ‘two pointer’
  4. Jun 24

    Coirnéal Kurtz na gConallach, tionchar dara dlí na teirmidinimice agus buidéal te thíos sa mhála

    Is ag triall ar Pháirc an Chrócaigh atá na foirne uilig atá fágtha i gCraobh Shinsir Peile na hÉireann agus Dara Ó Cinnéide i dteannta Sheán Tadhg agus Phádraic chun plé a dhéanamh ar bhabhtaí ceathrú ceannais na hÉireann. Sular caitheadh súil chun cinn ar an deireadh seachtaine, caitheadh súil siar ar chliseadh na gConallach agus Dún na nGall díbeartha ó chraobh na bliana seo. Ceistítear céard go díreach a d’athraigh idir an t-earrach agus an samhradh agus céard atá i ndán anois do Jim McGuinness agus ruainne míshuaimhneas le brath i measc lucht leanta an chontae den chéad uair. Agus cluichí an deireadh seachtaine seo romhainn faoi chaibidil, d’inis Dara dúinn faoin tionchar a bhíonn ag an mbrothall ar an gcaid agus cén fáth go dtabharfadh sé cúpla buidéal te caite sa mhullach ar na liathróidí sa mála aige nuair a bhíodh sé ag dul amach chun imirt i gCraobh Chiarraí Thiar. Pléadh an seans atá anois ag Gaillimh ar Chorn Mhig Uidhir agus slán fágtha ag péire de na piardaí móra, Dún na nGall agus Ard Mhacha, leis an gcraobh. Caithfidh siad an ceann is fearr a fháil ar Áth Cliath ar dtús agus é léirithe ag fir na príomhchathrach nach bhfuil a rás rite go fóill. Mhínigh Dara dúinn cén fáth go bhfuil sé bréan a bheith ag caint ar na cluichí móra idir Ciarraí agus Tír Eoghain ag tús na mílaoise agus an chúis nach bhfuil mórán den chaint ‘dhera’ á dhéanamh ag iarimreoirí na Ríochta roimh chluiche an tSathairn. Tabharfaidh Corcaigh agus Maigh Eo aghaidh ar a chéile roimh an chluiche sin agus deis mhór ann do na Corcaígh a gcumas a léiriú in aghaidh na gConnachtach, dream nach féidir léamh a dhéanamh orthu. Fiafraítear freisin an leanfar le feachtas iontach Mhuineacháin in aghaidh chontae Lú nó an mbéarfar orthu i bPáirc an Chrócaigh? Tugadh ómós chomh maith d’iarimreoir na Gaillimhe Paul Clancy, a chuaigh ar shlí na fírinne an tseachtain seo agus inste ag Dara cén fáth go raibh meas ar leith ar fhear Mhaigh Cuilinn i gCiarraí. Podchraoladh é ‘An Pod Spórt’ ó Tuairisc ó Bhéal, sraith podchraoltaí ó Tuairisc.ie, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie. ‘An Pod Spórt’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.

    Coirnéal Kurtz na gConallach, tionchar dara dlí na teirmidinimice agus buidéal te thíos sa mhála
  5. Jun 17

    ‘Buíochas le Dia go bhfuil áit ann i gcónaí don bhfiántas agus don imirt ón gcroí’

    Tá Dara Ó Cinnéide i dteannta Darren agus Pádraic ar eagrán na seachtaine de An Pod Spóirt chun súil a chaitheamh chun cinn ar chluichí móra peile an deireadh seachtaine. Beidh ar a laghad ceann de na trí fhoireann is mó atá á lua le Sam Maguire imithe as an gcraobh roimh an tarraingt do na babhtaí ceathrú ceannais agus seaimpíní 2024 agus 2025, Ciarraí agus Ard Mhacha, ag tabhairt aghaidh ar a chéile Dé Sathairn. Cé a bhuafaidh ‘comhrac na muc’ lár páirce i gCill Airne? Agus an éireoidh le Dún na nGall a bhfeachtas craoibhe a chur ar an mbóthar ceart arís in aghaidh Átha Cliath i bPáirc an Crócaigh, nó an bhfuil sé in am tosú ar ullmhú na gceisteanna faoi chur chuige Jim McGuinness? An féidir brath ar Mhaigh Eo agus iad in aghaidh chontae na Mí ag baile, nó an féidir brath orthu in aghaidh aon dream aon áit? Sa chluiche eile i mBabhta 3 tabharfaidh Muineachán agus an Iarmhí aghaidh ar a chéile. Is iad seo foirne agus mórghaiscígh na craoibhe go nuige seo ach tiocfaidh deireadh le samhradh stairiúil dream amháin acu Dé Domhnaigh. Cé acu dream? Tá John Allen linn chomh maith chun plé a dhéanamh ar bhabhtaí ceathrú ceannais na craoibhe iomána, contae an Chláir in aghaidh Átha Cliath Dé Sathairn agus Corcaigh in aghaidh Uíbh Fhailí Dé Domhnaigh. An mbeidh freagra ag Áth Cliath i ndiaidh dóibh géilleadh go bog i gcluiche ceannais Chúige Laighean nó an iad contae an Chláir a bheidh sna cluichí leathcheannais? Agus cad faoi Chorcaigh in aghaidh Uíbh Fhailí? An mbrisfidh Ben O’Connor nós chun deis a thabhairt do chuid de na himreoirí nach bhfuil oiread sin imeartha fós acu? Podchraoladh é ‘An Pod Spórt’ ó Tuairisc ó Bhéal, sraith podchraoltaí ó Tuairisc.ie, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie. ‘An Pod Spórt’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.

    ‘Buíochas le Dia go bhfuil áit ann i gcónaí don bhfiántas agus don imirt ón gcroí’

About

Seo chugaibh ‘AN POD SPÓRT’, podchraoladh ina ndéantar plé i nGaeilge ar chúrsaí spóirt.

You Might Also Like