Nuacht Mhall

Conradh na Gaeilge i Londain

Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. The week's main news stories, read slowly in Irish.

  1. 5 DAYS AGO

    7 Feabhra 2026 (Baile Átha Cliath)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an seachtú lá de mhí Feabhra. Is mise Liam Ó Brádaigh. An tseachtain seo, d’éirigh Peter Mandelson as Páirtí an Lucht Oibre agus as Teach na dTiarnaí sa Ríocht Aontaithe mar gheall ar a chuid nasc leis an maoinitheoir péidifileach, Jeffrey Epstein. Tá na póilíní ag fiosrú líomhaintí mí-iompair in oifig phoiblí, tar éis do ríomhphoist i gcomhaid Epstein a thug le fios gur chuir Mandelson faisnéis íogair margaidh ar aghaidh chuig Epstein nuair a bhí sé ina rúnaí gnó le linn na géarchéime airgeadais in 2009. Tá leithscéal gafa ag an bPríomh-Aire Keir Starmer le híospartaigh Jeffrey Epstein as “bréaga” an Tiarna Mandelson a chreidiúint agus as é a cheapadh mar ambasadóir na Ríochta Aontaithe sna Stáit Aontaithe. Rinneadh ceiliúradh ar chaoga bliain den iris cheoil Éireannach Hot Press Dé hAoine, le ceolchoirm speisialta sa 3Arena. I measc na gceoltóirí bhí Van Morrison, The Boomtown Rats, Clannad, Damien Dempsey, agus iar-uachtarán agus colúnaí fadtréimhseach Hot Press, Michael D. Higgins. Tá stair fhada ag Hot Press maidir le ceoltóirí Éireannacha a chur chun cinn. Díoladh an chéad eagrán i mí an Mheithimh 1977 ag féile Rac-Cheoil Mhic Chromtha.  Dúirt Niall Stokes, duine de bhunaitheoirí na hirise, gur leag siad amach ar dtús "iris a fhoilsiú a chuirfeadh dúshlán ar an dearcadh nach raibh fiúntas ealaíonta ag baint leis an bpopcheol." Tá turas i dTuaisceart Éireann críochnaithe ag an Uachtarán, Catherine Connolly. Is í seo an chéad turas oifigiúil dá cuid trasna na teorann ó bhuaigh sí an toghchán Uachtaránachta, ag comhlíonadh gealltanas toghcháin go mbeadh Tuaisceart Éireann ina chéad cheann scríbe oifigiúil. Le linn a hóráide in Ollscoil Uladh tráthnóna Dé Céadaoin, dúirt Connolly go bhfuil “ceacht” Thuaisceart Éireann “ag éirí níos tábhachtaí agus níos suntasaí” i "ndomhan atá, ar an drochuair, níos mó agus níos mó faoi chogadh agus míleatachas".  * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS maoinitheoir - financier faisnéis íogair - sensitive information colúnaí fadtréimhseach - longterm columnist fiúntas ealaíonta - artistic worth ceann scríbe - destination míleatachas - militarism

    4 min
  2. 31 JAN

    31 Eanáir 2026 (Luimneach)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-aonú lá is tríocha de mhí Eanáir. Is mise Sibéal Dempsey. Tharla roinnt eachtraí a bhain le gníomhairí ICE de chuid Donald Trump an tseachtain seo. Dé Sathairn seo caite, lámhachadh agus maraíodh saoránach na Stát Aontaithe darbh ainm Alex Pretti in Minneapolis. Tá an bheirt ghníomhairí feidearálacha a bhí páirteach ann curtha ar saoire ó shin. Mar sin féin, leanann an marú roinnt maruithe agus gabhálacha eile ag na gníomhairí agus spreag sé agóidí sa stát. Gabhadh roinnt léirsitheoirí ag na hagóidí seo ansin. Bhí ionsaí ann freisin ar ionadaí Daonlathach in Minnesota, Ilhan Omar, a bhí ag labhairt ar an ábhar deireadh a chur le ICE, chomh maith le coimhlintí poiblí idir Donald Trump agus méara Minnesota. Dúirt an méara gurb é jab na bpóilíní daoine a choinneáil slán, ní dlíthe inimirce feidearálacha a fhorfheidhmiú. Tá Matt Damon, réalta an scannáin The Rip, tar éis trácht a dhéanamh in agallamh le déanaí ar chur chuige Netflix i leith déanamh scannán. Dúirt an t-aisteoir go bhfuil Netflix ag déanamh rudaí níos simplí ionas gur féidir iad a thuiscint agus lucht féachana ag scrolláil ag an am céanna ar a bhfóin phóca. De réir an aisteora, déantar plotaí a athmhíniú trí nó ceithre huaire anois, tar éis brú ón gcraoltóir. Dúirt sé freisin go raibh brú ann chun cuid de na príomhradhairc aicsin a chur níos luaithe sa scannán chun aird lucht féachana a ghabháil níos luaithe sa scannán. Beidh Damon le feiceáil sa leagan nua de sheaneipic na Gréige An Odaisé níos déanaí i mbliana, ach níorbh iad Netflix a léirigh an scannán seo. Fuair suirbhé amach go gcreideann beagnach duine as gach deichniúr Éireannach idir ocht mbliana déag agus naoi mbliana is fiche d'aois gur miotas é an t-uileloscadh, agus creideann naoi déag faoin gcéad eile go bhfuil scála na heachtra áibhéalach. Dúirt seasca a ceathair faoin gcéad de dhaoine fásta gur cheap siad go bhféadfadh rud éigin cosúil leis an uileloscadh tarlú arís na laethanta seo. Ó eisíodh an suirbhé, tá an Taoiseach tar éis cáineadh a dhéanamh ar na leibhéil an-lag feasachta faoin uileloscadh. Dúirt Michael Martin gurbh é an t-uileloscadh an choir is soiléire a doiciméadaíodh i stair an domhain agus go gcaithfear cur i gcoinne an leibhéil seo aineolais agus séanta. Dúirt sé go mbeadh an Roinn Oideachais agus an Roinn Gnóthaí Eachtracha ag obair chun clár oideachais a fhorbairt. Idir an dá linn, tá feachtas conspóideach ar siúl chun Páirc Herzog i Ráth Garbh, atá ainmnithe as iar-uachtarán Iosraelach a tógadh i mBaile Átha Cliath, a athainmniú, mar gheall ar ionradh Iosrael ar Stráice Gaza. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS gníomhairí - agents ionadaí - representative trácht - comment craoltóir - broadcaster an t-uileloscadh - the holocaust áibhéalach - exaggerated

    8 min
  3. 24 JAN

    24 Eanáir 2026 (Maigh Eo)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an ceathrú lá is fiche de mhí Eanáir. Is mise Oisín Mac Conamhna. Rinne Donald Trump cúlú mór ag an bhFóram Eacnamaíoch Domhanda in Davos san Eilvéis an tseachtain seo, tar éis a bhagairtí géara an Ghraonlainn a ghabháil ón Danmhairg. Dúirt sé nach mbainfeadh sé úsáid as an bhforéigean leis an Ghraonlainn a ghabháil, in ainneoin a leideanna cheanna, agus tar éis cruinniú le hArd-Rúnaí NATO Mark Rutte, dúirt sé go raibh samhail socraithe bainte amach acu, agus ní chuirfeadh sé na táillí a d’fhógraigh sé roimhe ar a chomhghuaillithe NATO, a bhí ag seasamh leis an Danmhairg faoin gceist. Níl sé soiléir go fóill cén socrú atá ar intinn aige. Dúirt Trump nach ndearna éinne níos mó ar son NATO ná é fhéin, agus Déardaoin, chuir sé deargbhuile ar a chomhghuaillithe NATO uilig, nuair a dúirt sé nach raibh gá ag Stáit Aontaithe Mheiriceá leo riamh, agus gur fhan siad giota beag siar ó na línte tosaigh san Afganastáin. Fuair an Ghraonlainn an t-ainm Groenland, nó an Tír Ghlas, ó Erik Ruadh, an chéad Eorpach a chuir faoi ann, sa bhliain 986. Thug sé an t-ainm sin don oileán mar cheap sé gur ainm deas ab ea é, a mheallfadh daoine eile chun cónaí ann in éineacht leis. Cuireadh Enoch Burke ar ais sa phríosún Dé Luain, tar éis ord cúirte a shárú gan treaspás a dhéanamh ar Scoil Ospidéil Wilson i gContae na hIarmhí. Tá cúig chéad go leith lá caite aige sa phríosún go dtí seo, mar gheall ar a threaspás ar thailte na scoile ónar briseadh as a phost é mar gheall ar a iompar i gconspóid faoi dhalta trasinscneach a fhreastalaíonn ar an scoil. Scaoileadh amach as príosún é Dé Céadaoin an tseachtain seo caite, chun deis a thabhairt dó a chás a ullmhú ina achomharc i gcoinne a dhífhostaithe. Dúirt an Breitheamh Brian Cregan, a lig amach é, nach raibh cead aige dul ar ais go dtí an scoil in aon chur, agus dá rachfadh, go gcuirfí ar ais sa phríosún é go díreach. Dúirt Enoch Burke roinnt amanna go rachfadh sé ar ais go dtí an scoil go díreach, dá scaoilfí amach é. Scaoileadh amach é agus chuaigh sé ar ais ag déanamh treaspás ar an scoil, Déardaoin, Dé hAoine, agus Dé Luain. Gabhadh é ansin agus cuireadh ar ais sa phríosún é. Tá muid thart ar uasghníomhaíocht na gréine faoi láthair, sa timthriall aon bhliain déag de ghníomhaíocht ár réalta. Dé Domhnaigh seo caite, bhrúcht grianbhladhm mór i dtreo an Domhain, a d’astaigh cáithníní luchtaithe inár gceann a shroich an t-atmaisféar oíche Dé Luain. Spreag siad ceann de na stoirmí geomaighnéadacha ba láidre le fiche bhlian anuas, agus bhí na Gealáin Thuaidh le feiceáil sa spéir ar fud na hÉireann agus na Breataine, chomh fada ó dheas agus an Corn. Bhí dathanna láidre glas agus dearg le feiceáil sna Gealáin i ngach áit ina raibh an spéir glan. I Londain, faraor, bhí sé ag cur báistí ó spéir lán-scamallach nuair a bhí an feiniméan ar siúl. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS comhghuaillithe - allies na línte tosaigh - the frontlines treaspás - trespassing dífhostú - dismissal timthriall - cycle grianbhladhm - solar flare cáithníní luchtaithe - charged particles na Gealáin Thuaidh - the Northern Lights an Corn - Cornwall

    7 min
  4. 17 JAN

    17 Eanáir 2026 (An Clár)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an seachtú lá déag de mhí Eanáir. Is mise Niall Ó Cuileagáin. Tá an agóidíocht i gcoinne an réimis san Iaráin ag leanúint ar aghaidh le coicís anuas. Creidtear go bhfuil thart ar 2,000 duine marbh le linn na coicíse, idir léirsitheoirí agus daoine ó na fórsaí rialtais. Spreag Uachtarán na Stát Aontaithe, Donald Trump, na leirsitheoirí le leanúint leis an agóidíocht agus gheall sé go mbeadh cabhair ag teacht go luath, ach níor thug sé sonraí cruinne faoin gcabhair san. Dúirt sé ar dtús go mb’fhéidir go mbeadh cainteanna idir ionadaithe ó na Stáit Aonaithe agus ón Iaráin, ach chuir sé na cainteanna san ar ceal go dtí go mbeadhdeireadh curtha leis an slad sa tír. Cuireadh athlá ar shearmanas oifigiúil in Áras an Uachtaráin Dé Máirt ina mbronnfaí a chuid litreacha creidiúna ar ambasadóir nuacheaptha na Iaráine. Dúirt an Roinn Gnóthaí Eachrachta gur dheineadar an cinneadh toisc go mbeadh sé “míthráthúil” an searmanas a óstáil agus an cíorthuathail ar siúl san Iaráin fé láthair.  Tá X, an t-ardán meán sóisialta de chuid Elon Musk, tar éis conspóid mhór a tharraingt le déanaí maidir lena aip intleachta saorga, Grok, toisc go bhfuil daoine ábalta é a úsáid chun íomhánna graosta a chruthú agus a fhoilsiú ar líne, íomhánna de linbh san áireamh. Dúirt an tAire Stáit Niamh Smyth, atá freagach as cúrsaí a bhaineann le hintleacht shaorga, go mbeadh sí sásta cosc iomlán a chur ar Grok mura gcuirfidís stop ar an ngné so den aip. Ansan, maidin Déardaoin, d’fhógair Xnach mbeadh daoine ábalta na híomhánna graosta so a chruthú níos mó i dtíortha ina bhfuil a leithéid mídhleathach. Tá imní fós ann, áfach, go mbeadh daoine in ann an geobhac so a sharú le VPN. Tá an t-amhránaí cáiliúil as Corcaigh, Seán Ó Sé, ar shlí na fírinne. Fuair sé bás Dé Máirt, trí lá roimh a bhreithlá. Bheadh sé 90 bliain d’aois. Bhain sé cáil amach mar gheall ar an amhrán Gaelach, ‘An Poc ar Buile’, amhrán faoi phoc a thugann rabhadh do mhuintir Chill Orglan nuair a fheiceann sé fórsaí Cromwell ag teacht idtreo an bhaile. Thaifead Seán an t-amhrán in 1962 agus bhí iontas air nuair a bhí ana-ráchairt ar an amhrán. Fuair sé an leasainm, ‘An Pocar’, dá bharr. Bhí sé páirteach sa ghrúpa Ceoltóirí Chualann – faoi cheannas Sheáin Uí Riada – snaseascaidí agus chuaigh sé ar camchuairt ar fud an domhain le Gael Linn agus le Comhaltas Ceoltóirí Éireann chomh maith. Ar dheis Dé go raibh a anam. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS leirsitheoirí - demonstrators litreacha creidiúna - credentials íomhánna graosta - lewd images geobhac - geoblock poc - billy goat ráchairt - demand

    6 min
  5. 10 JAN

    10 Eanáir 2026 (Dún na nGall)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an deichiú lá de mhí Eanáir. Is mise Alanna Ní Ghallachóir. Tá Stáit Aontaithe Mheiriceá tar éis ionsaí a dhéanamh ar Veiniséala agus Uachtarán Veineséala Nicolás Maduro a ghabhadh, agus Donald Trump ag móidiú “an tír a reáchtáil” go dtí go bhfuil próiseas aistrithe cumhachta cuí i bhfeidhm. Gabhadh ceannaire Veiniséala, atá de chuid na heite clé, agus a bhean chéile ag a gcompún agus eitlíodh go dtí na Stáit Aontaithe iad, mar chuid d’oibríocht dhrámatúil thar oíche, ina bhfacthas ionsaithe ar bhunáiteanna míleata fosta. Ó shin, cuireadh coireanna airm agus drugaí i leith Maduro agus a mhná Cilia Flores i Nua Eabhrac. Rinneadh cáineadh idirnáisiúnta ar an ionsaí. Dúirt an Teach Bán go mbeidh smacht ag na Stáit Aontaithe ar ola Veiniséala, atá faoi smachtbhanna faoi láthair, agus iad ag cur deireadh le srianta ar amhola sna margaí domhanda faoi láthair.  Chuir titim sneachta agus aimsir shioctha isteach go mór ar an taisteal san Eoraip, agus seisear ar a laghad a cailleadh i dtimpistí a bhí ceangailte leis an drochaimsir ar an mhór-roinn. Bhí na céadta eitiltí ar ceal ar fud na hEorpa, leis na mílte daoine fágtha ag aerfoirt in Amsterdam agus Páras. Déardaoin, fógraíodh go raibh foláireamh buí i bhfeidhm i gCiarraí, Corcaigh, Port Láirge agus Loch Garman, mar gheall go raibh Stoirm Goretti ag dul trasna na tíre, ach dúirt Met Éireann “nach ríshuntasach” d’Éirinn a bhí an córas aimsire a bhí bainte le Stoirm Goretti. In iar-dheisceart Shasana, bhí rabhadh dearg i bhfeidhm, agus thug an Met Office foláireamh go raibh “contúirt bháis mar gheall ar raic san aer” ar Oileáin na Scillí agus i gCorn na Breataine.   Tá roinnt focail speisialta a bhfuil tionchar ar leith acu ar mhadaidh - ocras, páirc, siúl, agus, go deimhin, dinnéar! Ach tá grúpa cainíneach tallannach ann agus is dóigh go bhfuil cumas den scoth acu ag foghlaim stór focal an duine, agus iad abálta teanga a fhoghlaim ag cúléisteacht, sa bhealach céanna ina ndéanann tachráin. Seo maidir le taighde nua atá foilsithe san irisleabhar “Science”, a léiríonn go bhfuil na “foghlaimeoirí focal tallanacha” cainíneacha seo, atá in ann ainmnithe bréagán a fhoghlaim fríd traenáil cheana féin, in ann focail a thabháirt leo gan ach comhrá a chluinstin sa chúlra. Dúirt Clive Wynne, iompraí cainíneach ag Ollscoil Stáit Arizona go “ndearnadh go han-mhaith” an taighde, ach chuir sé comhairle ar dhaoine gur ainmhithe “fíor-eisceachtúla” a bhí iontu agus nár cheart dóibh a bheith ag tnúth le sárbhuanna ó pheataí teaghlaigh. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS próiseas aistrithe cumhachta - power transfer process compún - compound foláireamh - alert raic - debris tachráin - small kids iompraí cainíneach - canine behaviourist

    6 min
  6. 3 JAN

    3 Eanáir 2026 (Tiobraid Árann)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an tríú lá de mhí Eanáir. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh. Tharla tine uafásach ag cóisir chéiliúradh na hAthbhliana ag ionad sciála in Crans-Montana san Eilvéis. Maraíodh timpeall 40 duine agus gortaíodh breis is céad duine sa tine. Tá fiosrú maidir le cúis na tine fós ar siúl. Deir finnéithe go mb’fhéidir gur coinneal ar bharr buidéil seampéin a thosaigh an tine ach tá oifigí ag diúitiú aon ráiteas a dhéanamh ag an bpointe seo. Deirtear go dtógfaidh sé laethanta nó seachtainí fiú chun íospartaigh na tubaiste a aithint agus teaghlaigh agus cairde na n-íospartach ag fanacht le nuacht. Slua óg, idirnáisiúnta a bhí ag céilliúradh an óiche sin, tá daoine ón gceantar áitiúil agus oifigí ó thíortha na n-íospartach ag báiliú ag suíomh na tubaiste chun a meas a thaispeáint agus bláthanna agus coinnle a chur amach. Beidh Comóradh Céad Bliain de raidió Éireannach á chéilliúradh i rith 2026. Tar éis craoltaí trialacha a fhoilsiú an bhliain roimhe, ar an gcéad lá de mhí Eanáir 1926 sheol Dubhghlas de hÍde 2RN, réamhtheachtaí Raidió Éireann, agus Raidió Teilifís Éireann tar éis sin, leis an chéad aitheasc raidió poiblí i nGaeilge agus i mBéarla. Dúirt sé go raibh sé in am d’Éirinn a háit a thógáil le tíortha eile na hEorpa a raibh raidió náisiúnta acu cheana. Ar dtús bhí gearáin ó roinn den phobail, go raibh na craoltaí ag tógáil spás na gcraoltaí Sasanacha. Céad bliain ina dhiaidh sin, tá 33 cainéal náisiúnta, 21 cainéal áitiúla ar fáil agus beagnach 3.5 milliún duine ag éisteacht le raidió Éireannach gach lá den tseachtain. Beidh réimse craoltaí beo ó Ard-Oifig an Phoist ar an 15 Eanáir chun an ócáid a mharcáil, trasna Raidió na Gaeltachta, RTE 1 agus a thuilleadh. Tá nasc don chéad chraoladh a thug Dubhghlas de hÍde le fáil sa script: https://www.rte.ie/archives/exhibitions/681-history-of-rte/682-rte-1920s/289997-first-radio-/ Thosaigh agóid in Tehran san Iaráin an tseachtain seo caite faoin mboilsciú agus faoin díluacháil tar éis titim an rial, airgeadra na hIaráine, go dtí an luach is ísle riamh. Spreagadh agóidí i gcathracha ar fud na tíre ó shin agus na póiliní ag iarraidh na hagóideoirí a scaipeadh, ag úsáid brú agus deoirgháis. Tuairiscíodh bás seisir Déardaoin, tar éis fhormhéadú na corraíola. Phóstáil Donald Trump, Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá, ar Truth Social Dé hAoine, go rachadh na Stáit Aontaithe isteach sa chás go maródh an Iaráin aon agóideoirí. Níl sé soiléir cén gníomh atá i gceist ag Trump leis an ráiteas seo ach deirtear go mbeidh cur isteach na Stát Aontaithe sa choimhlint dainséarach don réigiún. Léiríonn na hagóidí seo ní amháin míshásacht an phobail san Iaráin le stádas eacnamaíocht na tíre, ach leis an gcóras san iomlán. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS fiosrú - investigation íospartach - victim craoltaí - broadcasts aitheasc - address (speech) boilsciú - inflation díluacháil - devaluation

    5 min
  7. 27 Nollaig 2025 (Tír Eoghain)

    27/12/2025

    27 Nollaig 2025 (Tír Eoghain)

    Inniu an seachtú lá is fiche de mhí na Nollag. Is mise Niall Ó Siadhail. Tá suas le trian den phobal i gCív na hÚcráine gan teas lárnach inniu i ndiaidh baráiste drón agus diúracán ón Rúis. Maítear go bhfuil Moscó ag díriú ar shaoráidí fuinnimh agus ar bhonneagar sibhialta, fiú agus an teocht faoi bhun an reophointe. Beidh Uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelenskyy ag dul go Floridaamárach chun bualadh le hUachtarán na Stát Aontaithe, ag súil go gcuirfidh na Meiriceánaigh brú ar an Rúis agus dúirt Zelenskyy go bhfuil plean síochána fiche pointe “nócha faoin chéad réidh”. Tá sé ráite ag Zelenskyy roimhe gurbh fhéidir glacadh le stádas mar shaorlimistéar eacnamaíochta nó limistéar dímhíleataithe a thabhairt don Donbas, ach go mbeadh reifreann de dhíth san Úcráin chun an plean sin a fhaomhadh. Sa Ríocht Aontaithe, tá moladh radacach déanta ag an ailtire a dhear an London Eye chun dul i ngleic le héileamh leictreachais san am atá le teacht: stáisiún cumhachta taoide ollmhór a chruthódh murlach ar chósta Somerset. Bheadh 125 tuirbín faoiuisce ann, i stua idir Minehead agus Watchet i Muir na Sabhrainne, nó Cainéal Bristol mar a thugtar air i mBéarla. Bheadh raon rothar 14 mhíle ar bharr an struchtúir agus muiríne le haghaidh spóirt uisce taobh istigh den mhurlach. Deir Feisire áitiúil go mbeadh an suíomh “íocónach” agus táthar ag súil go mbeadh turasóirí ag filleadh ar an cheantar de bharr na saoráidí úra. Tá an scannán úr Saipan le feiceáil sa phictiúrlann an tseachtain seo, ina léirítear na heachtraí mícháiliúla a thit amach i measc fhoireann peile na hÉireann sna hOileáin Mháirianacha Thuaidh go gairid roimh Chorn an Domhain sa bhliain 2002. Beidh na haisteoirí Steve Coogan agus Éanna Hardwicke i ról Mick McCarthy agus Roy Keane faoi seach, agus ní milleadh é le rá gur fhág Keane, duine de na peileadóirí ab fhearr riamh in Éireann, agus chuaigh sé abhaile sular cuireadh tús leis an chomórtas. Eachtra chonspóideach a bhí ann ar an am agus atá fós sa lá atá inniu ann, ach ba é 2002 Corn an Domhain deireanach a raibh Éire páirteach ann. Tá deis ag foireann reatha na hÉireann an comórtas céanna a bhaint amach sa bhliain atá romhainn, agus le cuidiú Dé ní bheidh aon choimhlint idirphearsanta ag cur isteach ar an fheachtas. Bliain úr faoi shéan is faoi mhaise oraibh uilig. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS faoi bhun an reophointe - below freezing saorlimistéar eacnamaíochta - economic free zone murlach - lagoon stua - arc eachtraí mícháiliúla - infamous events coimhlint idirphearsanta - interpersonal conflict

    8 min
  8. 20 Nollaig 2025 (Gaillimh)

    20/12/2025

    20 Nollaig 2025 (Gaillimh)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an fichiú lá de mhí na Nollag. Is mise Eoin Ó Seachnasaigh. Maraíodh cúig dhuine dhéag, paiste deich mbliana d’aois san áireamh, in ionsaí sceimhlitheoireachta ar Thrá Bondi in Sydney na hAstráile Dé Domhnaigh seo caite. Is iad an bheirt atá ainmnithe leis an sléacht Sajid Akram, a bhí 50 bliain d’aois, agus a mhac Naveed Akram, 24 bliain d’aois. Maraíodh an Akram ba shine ar an láthair agus gortaíodh an mac go dona sular tugadh chun ospidéil é. Scaoil an bheirt acu urchair ar shlua a bhí bailithe ar an trá chun ceiliúradh a dhéanamh ar fhéile mhór na nGiúdach, Hanukkah. D’éirigh le fear darb ainm Ahmed al-Ahmed an t-arm a bhaint ó dhuine de na gunnadóirí, agus dúirt príomh-aire New South Wales gur mhair go leor daoine mar thoradh ar an gcrógacht a léirigh sé. I ráiteas a d’eisigh Pobal Giúdach na hÉireann, chuir siad a gcomhbhrón in iúl dá ngaolta agus dá gcairde thar lear san Astráil atá ag fulaingt mar gheall ar na hionsaithe. Dúirt Coimisinéir na nGardaí, Justin Kelly, go dtabharfaí tacaíocht agus cosaint bhreise don phobal Giúdach in Éirinn. Bhí agóid i Londain oíche Dé Céadaoin, lasmuigh d’Aireacht Dlí agus Cirt na Breataine, i gcoinne an diúltaithe cead a thabhairt do stailceoirí ocrais dul go hospidéal. Bhí an teannas idir na póilíní agus na hagóideoirí le brath agus breis is míle duine bailithe chun tacaíocht a léiriú do Qesser Zuhrah, 20 bliain d'aois, agus Amy Gardiner-Gibson, 30 bliain d'aois, atá ar stailc ocrais anois le breis is daichead a sé lá agus ag fulaingt go dona. Gabhadh beirt ar an láthair agus baineadh frith-agóideoir amháin amach as an slua. I mí Iúil, d’fhógair Rialtas na Breataine go raibh cosc i bhfeidhm ar an ngrúpa Palestine Action. Ó shin i leith, tá beagnach 2,500 duine gafa ag na póilíní agus tá seisear priosúnach ar stailc ocrais anois mar agóid i gcoinne mí-úsáid chumhachta an stáit. Faoi dheireadh, tar éis iarrachtaí fada ó bhaill den phobal agus ó pholaiteoirí ar nós Zarah Sultana agus Jeremy Corbyn, a chuir brú ar na húdaráis, thug otharcarr Zuhrah go dtí an t-ospidéal chun cúram éigeandála a fháil. Tá an tAire Dlí agus Cirt, David Lammy, fós ag diúltiú labhairt le teaghlaigh na stailceoirí. Tá sceideal cuimsitheach fógartha ag TG4 don Nollaig agus réimse leathan de scannáin, de chláir faisnéise agus de chláir cheoil acu, chomh maith le rogha mhór mhillteach d’ábhar do pháistí, buíochas le Cúla4. Beidh lucht leanúna an cheoil thraidisiúnta ag tnúth go mór le Geantraí na Nollag 2025, a chraolfar ag 7pm Lá Nollag, agus le roinnt clár dírithe ar Oireachtas na Samhna, a chraolfar le linn an deireadh seachtaine i ndiaidh na Nollag. I measc na mbuaicphointí eile, ó thaobh cláir faisnéise de, beidh George Best i gCorcaigh le feiceáil Lá Fhéile Stiofáin ag 8.15pm, ag insint scéal na tréimhse gairide a chaith an peileadóir cáiliúil thíos i gCúige Mumhan caoga bliain ó shin. Idir an dá linn, bainfidh daoine beaga sult as an scannán beochana Nollaí, scéal lách faoi fhia óg, atá ar fáil ar an seinnteoir anois. Is féidir an sceideal iomlán a fháil ag tg4.ie. Agus sin nuacht na Nollag. Feicfimid go luath sibh, ach go dtí sin, Nollaig mhór mhaith daoibh uilig ó chuile dhuine anseo ar Nuacht Mhall. *

    9 min

About

Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. The week's main news stories, read slowly in Irish.

You Might Also Like