Nuacht Mhall

Conradh na Gaeilge i Londain

Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. The week's main news stories, read slowly in Irish.

  1. 1d ago

    14 Samhain 2026 (Luimneach)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an ceathrú lá déág de mhí na Samhna. Is mise Sibéal Dempsey. In Éirinn, cuireadh pleananna le haghaidh stailc san earnáil phoiblí ar fionraí an tseachtain seo tar éis do cheardchumainn teacht ar chomhaontú maidir le dréacht-shocrú pá nua leis an rialtas. Faoin socrú seo, gheobhaidh beagnach leathmhilliún oibrí méaduithe pá de bhreis agus deich faoin gcéad faoi mhí an Mhárta sa bhliain dhá mhíle fiche a naoi. Mar sin féin, beidh an méadú seo níos ísle ná an ráta boilscithe; gheobhaidh oibrithe méadú dhá faoin gcéad don bhliain dhá mhíle fiche a sé, i gcomparáid le ráta boilscithe de ceithre phointe a trí faoin gcéad a bhí ann i mí Dheireadh Fómhair. Áirítear téarmaí eile sa chomhaontú freisin, amhail “comhoibriú maidir le comhtháthú na hintleachta saorga agus athruithe ar chleachtais oibre”. Ní hé seo deireadh an scéil, áfach, mar go gcaithfidh na ceardchumainn éagsúla vóta a iarraidh ar a gcuid ball anois féachaint an nglacfaidh siad leis an gcomhaontú; táthar ag súil go mbeidh torthaí na vótála ar fáil i gceann cúpla seachtain. Gearradh pionós príosúnachta deich mbliana go leith ar Russell Brand as éigniú agus trí chúis d'ionsaí gnéis. Thug roinnt dá íospartaigh ráitis an tseachtain seo; ina measc bhí duine amháin a labhair leis an gcúirt go pearsanta, ó chúl cuirtín. Le linn na trialach, rinne an Breitheamh roinnt ráiteas, ina measc cur síos ar Russell Brand mar “chreachadóir gnéis”, agus an ráiteas: “is cuma cad a chaitheann mná, is cuma cá dtéann siad, agus go deimhin is cuma cad a ólann siad, tá an ceart acu i gcónaí ‘ní hea’ a rá”. Chomh maith leis sin, tá líomhaintí curtha i leith David Walliams an tseachtain seo go ndearna sé creach ar chailíní chomh hóg le cúig bliana déag d’aois. Tharla sé seo tar éis dó cás cúirte a chailleadh ina raibh sé ag iarraidh bac a chur ar fhoilsiú na líomhaintí sin, a tháinig chun solais de thoradh imscrúduithe a rinne ITV agus an Guardian. An deireadh seachtaine seo caite, thairg Donald Trump post rúnaí preasa an Tí Bháin do Dana White, príomhfheidhmeannach an Chraobhchomórtais Sárthrodaíochta (UFC). Dúirt sé ina dhiaidh sin “nach raibh i gceist aige ach magadh” agus go raibh sé i gceist a chur in iúl nach mbeadh tuairisceoirí “chomh dána sin leis”. Bhí an bheirt i láthair le chéile an tseachtain seo i seomra faisnéise an Tí Bháin, áit ar labhair Trump freisin faoin gcogadh san Iaráin, ag maíomh go dtiocfaidh deireadh leis an gcoimhlint go luath. Tá an post folamh le cúpla seachtain anuas, tar éis don rúnaí preasa a bhí ann roimhe seo a bheith curtha faoi bhrú éirí as a post. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS dréacht-shocrú pá - draft pay settlement comhtháthú - integration creachadóir - predator imscrúduithe - investigations rúnaí preasa - press secretary príomhfheidhmeannach an Chraobhchomórtais Sárthrodaíochta - CEO of UFC

  2. Nov 7

    7 Samhain 2026 (Tír Eoghain)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an seachtú lá de mhí na Samhna. Is mise Niall Ó Siadhail. Bhí caint ar 'Shúnamaí Gorm' an tseachtain seo agus an Páirtí Daonlathach chun tosaigh i dtoghcháin lár téarma de chuid na Stát Aontaithe. D'éirigh leis na Daonlathaigh tromlach a fháil sa dá theach de Chomhdháil na Stát Aontaithe, rud a choinneoidh srian ar chumhacht an Uachtaráin Donald Trump i mblianta deireanacha a uachtaránachta. Sa tSeanad, beidh ar a laghad 54 as 100 suíochán ag an Pháirtí Daonlathach, agus i dTeach na nIonadaithe, beidh ar a laghad 254 as 435 suíochán acu. Tá roinnt suíochán fós le fógairt sa dá theach, ach tá tromlach soiléir ag na Daonlathaigh. I measc na bpolaiteoirí nuathofa tá Keisha Lance Bottoms, an chéad bhean dhubh le bheith ina Gobharnoir stáit i stair na tíre, Abdul El-Sayed, an chéad Mhoslamach le bheith ina Sheanadóir, agus Deb Haaland, an chéad Dúchasach Meiriceánach le bheith ina Gobharnóir. Tá an reathaí meánraoin Ciara Mageean ar shlí na fírinne, dhá bhliain i ndiaidh di bonn óir a bhaint ag Craobhchomórtais Lúthchleasaíochta na hEorpa sa Róimh. As Port an Pheire i gContae an Dúin í Ciara, agus d'imir sí camógaíocht nuair a bhí sí óg, sula ndeachaigh sí leis an reathaíocht. Ghlac sí páirt ag na Cluichí Oilimpeacha in 2016 agus 2020 ar son na hÉireann ach bhí uirthi éirí as an chomórtas chéanna in 2024 mar gheall ar ghortú dá teannán Aichill. D'fhógair sí anuraidh go raibh ailse uirthi agus dúirt in agallamh gur thuig sí nach mbainfeadh sí daichead bliain amach. Phós sí a páirtí Thomas Moran trí seachtaine sula bhfuair sí bás Dé Domhnaigh. Thug daoine mór le rá ó shaol an spóirt agus ó shaol na polaitíochta ómós di, ag rá gur dhuine spreagúil í a d'fhág oidhreacht speisialta ina diaidh. Bhí sí ceithre bliana is tríocha d'aois. Tháinig na mílte Gael le chéile an deireadh seachtaine seo caite agus Oireachtas na Samhna ar siúl i gCill Airne, Contae Chiarraí. Féile bhliantúil chultúrtha is ea é an tOireachtas, a reáchtáladh den chéad uair sa bhliain 1897. Ba í an scríbhneoir Áine Ní Ghlinn Uachtarán an Oireachtais i mbliana, ach bhí Uachtarán na hÉireann Catherine Connolly i láthair fosta. I gcomórtais liteartha an Oireachtais, tugadh thart ar €30,000 san iomlán do bheagnach caoga scríbhneoir. Bhí go leor duaiseanna le baint ag na comórtais cheoil, damhsa agus taibhealaíona eile fosta. Beidh an tOireachtas ar siúl i gCill Airne arís an bhliain seo chugainn. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS súnamaí gorm - blue tsunami polaiteoirí nuathofa - newly-elected politicians Dúchasach Meiriceánach - Native American reathaí meánraoin - middle-distance runner teannán Aichill - Achilles tendon taibhealaíona - performing arts

  3. Oct 31

    31 Deireadh Fómhair 2026 (Maigh Eo)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu oíche Shamhna. Is mise Oisín Mac Conamhna. Bhí olltoghcháin thábhachtacha ar siúl an tseachtain seo, saBhrasaíl agus in Iosrael. San Bhasaíl, bhí an dara babhta den toghchán uachtaránachta idir Luiz Inácio Lula da Silva, an sealbhóir, agus Flávio Bolsonaro, mac an iar-uachtaráin Jair, atá faoi bhraighdeanas baile ar feadh fiche seacht mbliana tar éis coup a iarraidh i ndiaidh an toghchán dheirneanaigh. Bhí FlávioBolsonaro chun tosaigh sa chéad bhabhta, acht den chéad uair ó ghlac an Bhrasaíl leis an daonlathas sna hochtóidí, níor éirigh le buaiteoir an chéad bhabhta sa dara babhta, agus tháinig Lula ó chúl chun an toghchán a bhuachaint, ar thoradh 51.79% in aghaidh 48.21% do Bolsonaro. Dé Céadaoin i ndiaidh an toghcháin, agus in ainneoin ordú cúirte a phas a ghéilleadh mar chuid d’fhiosrúchán sciúrtha airgid, theith Flávio Bolsonaro ón mBrasaíl go dtí na Stáit Aontaithe, agus dúirt sé gur seisean an “fíor uachtarán tofa”, ráiteas a cáineadh agus a magadh go mór i meáin na Brasaíle. Bhí olltoghchán in Iosrael Dé Máirt, an chéad cheann ó tharlaionsaí Hamas ar an seachtú  lá de mhí Dheireadh Fómhair 2023, an léirscrios Gaza agus na cogaidh éagsúla eile a tharla inadhiaidh. In aghaidh na sealbhóra, Benjamin Netanyahu agus a bhloc go mór ar an eite dheas, bhí bloc an fhreasúra, faoi cheannaireacht Gadi Eisenkot, iarcheann foirne airm Iosrael a chaill a mhac in  Gaza, agus na páirtithe Arabacha. Vótáil 77.7% de na toghthóirí, an líon is airde ó bhí 1999 ann. Tá córas ionadaíocht chionmhar in olltoghcháin in Iosrael, agus níor bhain éinne tromlach de 61 suíocháin amach. Fuair an bloc le Netanyahu 53 suíocháin, an bloc le Eisenkot 48, agus na páirtithe Arabacha naoi gcinn déag. Dúirt Likud, an páirtí le Netanyahu, go raibh na páirtithe Arabacha ag iarraidh an t-olltoghchán a ghoid, tar éis dóibh an toradh is fear riamh a fháil. Anois beidh tréimhse idirbeartaíochta idir na páirtithe éagsúla chun rialtas a chur le chéile. Bhí searmanas bronnta shárimreoirí peile agus iománaíochta nabliana ar siúl san RDS i mBaile Átha Cliatha oíche Dé hAoine. Sa pheil, fuair curaidh na hÉireann sé áit ar fhoireann na bliana. Fuair Ciarraí trí cinn, agus fuair an Iarmhí, Lú, Ard Mhacha, Tír Eoghain, Baile Átha Cliatha agus Muineachán ceann amháin an contae. Roghnaíodh Ryan O’Donoghue ó Bhéal an Mhuirthead, laochna himeartha an chluiche ceannais, mar pheileadór na bliana; agus roghnaíodh Darragh Beirne ó Chlár Chlainne Mhuiris, a d’aimsigh a cúl cáiliúil sa chluiche ceannais a chuir Muigh Eo chun tosaigh go cinniúnach, mar pheileadór óg na bliana. San iománaíocht, fuair Luimneach naoi ngradam ar fhoireann na bliana, tar éis feachtas ceannasach; fuair Gaillimh trí cinn, Corcaigh dhá cheann, agus an Clár ceann amháin. Fuair Gearóid Hegarty, ó chathair Luimnigh, gradam iománaí na bliana, agus bronnadh an gradam d’iománaí óg na bliana ar Jason Rabitte ó Bhaile Átha an Rí. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS faoi bhraighdeanas baile - under house arrest daonlathas - democracy toghthóirí - voters ionadaíocht chionmhar - proportional representation curaidh na hÉireann - champions of Ireland cinniúnach - decisive

  4. Oct 24

    24 Deireadh Fómhair 2026 (Dún na nGall)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an ceathrú lá is fiche de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Alanna Ní Ghallachóir. Bhí eagraíochtaí agus gnóthaí ag déanamh deifir le huasdátú a dhéanamh ar a gcuid córas, tar éis do lochtanna cibearshlándála a tháinig chun solais i dteanga ríomhchlárúcháin, PHP, atá in úsáid go coiteann ar fud an domhain. Tarraingíodh suíomhanna idirlíne as líne Dé Céadaoin agus Déardaoin i ndiaidh fógra ó forbróirí PHP gur thánghas ar “leochaileachtaí criticiúla” sa chúlteanga, atá úsáidte i bhfórbairt ghréasáin leis na blianta fada anuas. Níor tuairiscíodh ionsaithe rathúla go dtí seo, ach deir saineolaithe nach mbeidh an tionchar le feiceáil go soiléir go ceann tamaill, b’fhéidir i gceann míonna. Mar gheall air sin, tá eagraíochtaí ag cur paistí i ngníomh - ach ní chomh gasta is a bheadh ag tnúth leis go domhanda.  In Éirinn le linn na seachtaine, thug an Stiúrthóireacht Naisiúnta um Bainistíocht Dóiteáin agus Éigeandála rabhadh faoi thuillte agus coinníollacha deacra taistil mar gheall ar Stoirm Austen. Bhí údaráis áitiúla i mbun ullmhúcháin i rith an lae Déardaoin, le haghaidh fearthainn throm agus gaoth a bhaineann leis an stoirm. Thug Met Éireann foláireamh faoi bhaol tuillte suntasach dá bharr duilleoga tite agus draenacha blocáilte. Dúirt réamhaisnéiseoir sinsearach Met Éireann, Gerry Murphy, nach mbeidh “fíorlagú” ar an fhearthainn i rith an deireadh seachtaine agus go mbeifear ag tnúth le coinníollacha gaofara ag maratón Bhaile Átha Cliath Dé Domhnaigh. Fógraíodh gearrliosta 2026 de Ghradaim Leabhar na hÉireann An Post, agus ainmniúcháin do scríbhneoirí agus maisitheoirí leabhar thar 19 catagóir. Is iad ficsean, stair, beathaisnéis, neamhfhicsean, stíl mhaireachtála, spórt, coirscéalta, leabhair do pháistí, litríocht do dhéagóra agus d'aosaigh óga, fiscean Gaeilge, filíocht agus gearrscéaltaí na catagóirí atá i gceist. Tugann na gradaim aitheantas do leabhair agus dá gcruthaitheoirí i scríbhneoireacht na hÉireann atá aitheanta agus agus atá ag teacht chun cinn. Tá cúig leabhar ar an liosta do Gradam Love Leabhar Gaeilge Leabhar Ficsin Gaeilge na Bliana: Faraor Géar nár Cailleadh Mé le Micheál Ó Conghaile; Rúnaí an Aire le Brian Ó Tiomáin; Eoghan Béal le Darach Ó Scolaí, ealaín le Alé Mercado; Sí le Seán Ó Muireagáin agus An Cláirseoir le Diarmuid Johnson. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS lochtanna cibearshlándála - cybersecurity defects teanga ríomhchlárúcháin - programming language an Stiúrthóireacht Naisiúnta um Bainistíocht Dóiteáin agus Éigeandála - the National Directorate for Fire and Emergency Management réamhaisnéiseoir sinsearach - senior forecaster maisitheoirí - illustrators coirscéalta - crime stories

  5. Oct 17

    17 Deireadh Fómhair 2026 (Baile Átha Cliath)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an seachtú lá déag mé mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Liam Ó Brádaigh. Tá an foilsitheoir, Faber, tar éis ráiteas a eisiú ag deimhniú nach mbeidh siad ábalta leabhair Sally Rooney a chur ar fáil do shiopaí leabhair sa Ríocht Aontaithe mar gheall ar an tacaíocht phoiblí a thugann Rooney don eagraíocht ‘Palestine Action’. I mí Iúil 2025, cuireadh an grúpa agóide gníomhaíochta dírí, Palestine Action, faoi chois sa Ríocht Aontaithe mar eagraíocht sceimhlitheoireachta. Ó shin i leith, tá breis agus 3,500 duine sa Ríocht Aontaithe curtha faoi ghabháil as tacaíocht a léiriú don ghrúpa. Tá sé ráite ag Rooney go bhfuil sé i gceist aici cuid de na ríochíosanna óna saothar a bhronnadh ar Palestine Action, agus go bhfuil an baol ann, dá bhrí sin, go sáróidh sí an dlí má fhanann a cuid leabhar ar fáil sa Ríocht Aontaithe.  Tá rabhadh tugtha ag ceannairí ceardchumann go bhféadfadh “díospóid fhada dheacair” a bheith i ndán d’Éirinn mura dtagtar ar réiteach sna cainteanna pá. Chuaigh 300,000 seirbhíseach poiblí, ina measc altraí, dochtúirí, múinteoirí agus státseirbhísigh, ar stailc Dé Céadaoin. Dúnadh scoileanna, cuireadh coinní ospidéil ar ceal agus bunaíodh línte picéid ar fud na tíre le linn na stailce 24 uair an chloig. Dúirt an Taoiseach, Micheál Martin, go bhfuil an Rialtas “oscailte do chaibidlíocht leis na ceardchumainn i ndiaidh na gníomhíochta tionsclaíche. Gearradh pianbhreith 15 bliana ar iar-cheannaire an Pháirtí Aontachtaigh Daonlathaigh Déardaoin, tar éis dó a bheith ciontaithe in 18 gcúis a bhain le mí-úsáid ghnéis, éigniú san áireamh, in aghaidh beirt bhan nuair a bhí siad ina bpáistí. Beidh Donaldson ag cur a phianbhreithe de i bPríosún Maghaberry, in aice le Lios na gCearrbhach, ach ní chaithfidh sé ach leath na tréimhse sin taobh thiar de bharraí. Dúirt Catherine Kierans, ceannaire an PSNI, go léiríonn an cás gur féidir mí-úsáid ghnéasach a cheilt taobh thiar de chló na hurraime, ach freisin “nach bhfuil aon duine — is cuma cén post, stádas nó cáil phoiblí atá acu — thar theacht an dlí.” * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS grúpa agóide gníomhaíochta dírí - direct action protest group ríochíosanna - royalty payments ceannairí ceardchumann - trade union leaders caibidlíocht - negotiation pianbhreith - sentence cló na hurraime - impression of respectability

  6. Oct 10

    10 Deireadh Fómhair 2026 (Tiobraid Árann)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an deichiú lá de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh. In Éirinn, fógraíodh Búiséad 2027 le linn na seachtaine. Deir an rialtas go bhfuil sé cóir d’oibrí, ach mheall an plean cáineadh ón bhfreasúra a deir gur theip ar an rialtas aon rud a dhéanamh ar son teaghlaigh atá ag streachailt le costais mhaireachtála. Tá roinnt athruithe beaga ar cháin, leasa, agus tacaíochtaí cúram leanaí ach dar le hanailís a rinne an Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta beidh athrú beag nó easpa athruithe i gceist ar ioncam teaghlach. Deir saineolaí ón ITES nach ndéanfaidh an búiséad aon fheabhsú ar bhochtaineacht leanaí, atá ag 7.8% faoi láthair, agus nach ndéannan sé aon dul chun cinn maidir le sprioc an rialtais an fígiúir a laghdú go 3% in 2030. Cuireadh €1 milliún ar fáil don Roinn Oideachais chun tionscnamh “Clár Laochra Teanga na Gaeltachta” a chruthú, clár a tabharfaidh maoiniú do bheirt daltaí i ngach meánscoil sa tír freastal ar chúrsa sa Ghaeltacht. Seachas sin, méadú níos lú na €1 milliún atá á thabhairt don Ghaeilge, an Ghaeltacht agus na hoileáin sa bhúiséad. Ní bhfuair TG4 aon ardú maoinithe, den chéad uair le 10 mbliana anuas. €65.4 milliún a bheidh acu, mar an gcéanna leis an bhliain seo. Níor bhfuair RTÉ aon mhaoiniú breise ach oiread. I Sásanna, bhuaigh Pairtí an Lucht Oibre an fothoghchán in Holborn agus St.Pancras, a tharla mar d’éirigh an t-iar-phríomh-aire Keir Starmer as mar Fheisire. Bhí an bua ag Sagal Abdi-Wali thar Zack Polanski, ceannaire an Chomhaontais Ghlais. Bhí béim ar an bhfothoghchán seo mar scrúdú ar rath Phairtí an Lucht Oibre faoi cheannaireacht nua Andy Burnham, agus an mbeadh siad in ann an tacaíocht a chaill siad i gcoinne an Chomhaontais Ghlais faoi stiúiriú Keir Starmer a fháil ar ais. Choimeád siad an suíochán ach laghdaíodh an tromlach ó 11,572 go 3,364 vóta. Dúirt Zack Polanski gurbh é an dara toradh is fearr a bhain an Comhaontas Glas amach i bhfothoghchán riamh agus gur bunús maith é le haghaidh tógáil agus forbairt an páirtí. Tár éis an drochthoraidh, ceistíodh Zach Polanski faoi na héilimh ó roinnt baill laistigh den phairtí ag iarraidh go n-eiródh sé as a ról mar cheannaire, tar éis conspóid níos luaithe sa tseachtain nuair a theip air freastal ar dhíospóireacht maidir le rún ag tabhairt sainmhíniú ar an Síónachas mar chineál ciníochais. Dúirt Polanski go cinnte go bhfanfadh sé ina ról mar cheannaire an Chomhaontais Ghlais agus nach raibh aon amhras aige faoi. Tá El Niño ag láidriú agus an buaicphointe le teacht i mí na Nollag agus ag leanúint ar aghaidh go Feabhra 2027. Feiniméin aimsire nadúrtha atá i gceist, a tharlaíonn gach dhá go seacht mbliana, a mhaireann go ceann dha mhí dhéag de ghnáth. Ardaíonn El Niño teocht dromchla i bpáirt den Aigéan Ciúin le athruithe brú, gaoithe agus báistí ar fud an domhain mar thoradh. Ceaptar go mbeidh seo an tarlú is láidre a chonacthas ón mbliain 1950. Chomh maith le hathrú aeráide de dhéantús an duine, bhí éifeachtaí le feiceáil cheana i rith an tsamhraidh agus tá saineolaithe ag tnúth le hardú teochtanna sa chuid is mó den domhan i rith an gheimhridh freisin, agus baol tuilte agus triomaigh mar thoradh. Ní chuireann El Niño teocht nua sa phlainéad ach scaoileann sé teocht atá á stóráil san aigéan, le hardú teocht an aigéin mar thoradh ar an athrú aeráide tá níos mó teocht le scaoileadh. Chuir El Niño leis an teocht in 2024 agus 2023 - an bliain is teo agus an dara bliain is teo a taifeadadh riamh. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS costais mhaireachtála - living costs bochtaineacht leanaí - child poverty fothoghchán - by-election díospóireacht - debate feiniméin aimsire - weather phenomenon teocht dromchla - surface temperature

  7. Oct 4

    3 Deireadh Fómhair 2026 (Gaillimh)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an triú lá de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Eoin Ó Seachnasaigh. Tar éis dóibh cluiche a chailleadh i gcoinne na Cosaive, fuair foireann sacair na hÉireann na chéad trí phointe faighte i Sraith na Náisiún Dé Domhnaigh. Cé gur éirigh leo an lámh in uachtar a fháil ar Iosrael, bua gan lúcháir a bhí ann tar éis cluiche nár cheart a imirt ar chor ar bith, dar le go leor daoine. Fiú roimh an deireadh seachtaine seo, bhí cúrsaí chomh hachrannach sin gur ghá d’UEFA an cluiche a bhogadh go dtí an Ungáir, chun coimhlint idir an dá ghrúpa lucht tacaíochta a sheachaint. Tháinig an crú ar an tairne, áfach, nuair a d’fhógair Gavin Bazunu nach raibh sé toilteanach páirt a ghlacadh i gceachtar den dá chluiche i gcoinne na nIosraelach. Dúirt Bazunu, a imríonn sa chúl le Bolton Wanderers, go raibh a chinneadh bunaithe ar a chreideamh pearsanta nach bhfuil sé ceart daoine neamhchiontach a mharú. Ina ainneoin sin, tá an cuma ar an scéal nach mothaíonn a chomh-imreoirí chomh láidir sin faoin gcinedhíothú sa Phalaistín, ós rud é gur bhuaigh an dream a bhí i bhfabhar na cluichí a chomhlíonadh nuair a reáchtáladh vóta sa seomra gléasta. Le linn an chluiche féin, bhí muinchillí dubha á gcaitheamh ag na hÉireannaigh agus d’ísligh siad a gceann agus amhrán náisiúnta Iosrael á sheinm. Idir an dá linn, cé nach raibh duine ná deoraí de lucht tacaíochta na hÉireann ann, líomhnaítear gur thug lucht tacaíochta Iosrael íde béil chiníoch d’Adam Idah. Buailfidh na foirne le chéile arís tráthnóna Dé Domhnaigh, an t-am seo sa tSeirbia, agus tá sé geallta ag captaen Iosrael, Manor Solomon, go mbeidh an toradh thar a bheith difriúil sa dara cluiche. Go Port an Dúnáin anois, agus níl aon réiteach ar an tsáinn go fóill, gan ceachtar den dá thaobh ag géilleadh go fóill. Thug Coimisiún na bParáidí cead don Ord Oráisteach máirseáil síos Bóthar Gharbhachaidh den chéad uair le hocht mbliana is fiche anuas. Cé go raibh an mórshúil le bheith ar siúl Dé Domhnaigh seo caite, cuireadh cosc air mar gheall ar agóidí ón bpobal náisiúnach. Tugadh doiciméid de réitigh do gach ceann den dá thaobh agus tuigtear go bhfuil siad i mbun plé ar na moltaí. Ag tacú leis na háitritheoirí, tá baill de Chonradh na Gaeilge ann, ina measc Uachtarán na heagraíochta, Ciarán Mac Giolla Bhéin. Tá sé ráite ag Jamie Bryson, comhairleoir dlí don Ord Oráisteach, áfach, nach ngéillfidís choíche, fiú dá bhfaighidís fiche milliún punt. Dar le Coimisiún na bParáidí, rinneadh níos mó ná 2,500 máirseáil i dTuaisceart Éireann ó mhí Aibreáin 2025 go dtí mí an Mhárta 2026. I mBeirlín, tá polaiteoirí Die Linke, ón eite chlé, ag bualadh leis na Glasaigh, nó ‘Die Grünen’, agus leis na Daonlathaigh Shóisialta, nó ‘die SPD’, chun tús a chur le cainteanna comhrialtais don phríomhchathair. I measc ábhair eile, beidh siad ag plé moladh ó Die Linke chun dul i ngleic leis an ngéarchéim tithíochta trí thithe a ghabháil ó thiarnaí talún corparáideacha. Dá mbuafadh Die Linke an lá, ba í a gcomhcheannaire parlaiminte, Elif Eralp, an chéad bhean a bheadh ​​ina méara ar an gcathair. Roimhe sin, áfach, tá fadhbanna le réiteach idir na páirtithe mar gheall ar a gcuid dtuairimí éagsúla faoi Iosrael. Idir an dá linn, tá Seansailéir na Gearmáine, Friedrich Merz, i mbaol fós i ndiaidh na dtorthaí toghcháin tubaisteacha, an ceann a bhuaigh an AfD, nó ‘Alternative für Deutschland’, in Sachsen-Anhalt in oirthear na tíre, san áireamh. De réir na bpobalbhreitheanna is déanaí, is é Merz an ceannaire is measa ó bhí an Dara Cogadh Domhanda ann. bua gan lúcháir - joyless victory lucht tacaíochta - supporters sáinn - standoff áitritheoirí - residents comhcheannaire - co-leader pobalbhreitheanna - polls

  8. Sep 26

    26 Meán Fómhair 2026 (An Dún)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an séú lá is fiche de mhí Mheán Fómhair. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh. Cuireadh bille síos an tseachtain seo a thabharfadh saoire 20 lá do mhná atá i ndiaidh breith anabaí, agus saoire 10 lá do dhaoine atá ag dul faoi chóireáil torthúlachta. Rinne Coiste Fiontair an Oireachtais plé ar an reachtaíocht mholta Dé Céadaoin. Dúirt urlabharlaí ó Pháirtí an Lucht Oibre go n-aithneodh an bille seo an tionchar suntasach fisiciúil agus mothúchánach gur féidir na heispéiris seo imirt ar dhaoine, agus am saor ón obair á chur ar fáil do dhaoine nuair is mó gá. Agus í ag labhairt ar chlár teilifíse Morning Ireland de chuid RTÉ, dúirt Marie Sherlock, urlabhraí sláinte an Pháirtí, nach saincheisteanna sláinte amháin iad breith anabaí agus neamhthorthúlacht, ach saincheisteanna don ionad oibre fosta. Dúirt sí gur chuir a páirtí reachtaíocht faoi bhráid na cúirte cúig bliana ó shin agus gur bhain siad tacaíocht láidir thraspháirtí amach. Dúirt sí go bhfacthas forbairtí suntasacha le déanaí i dtíortha eile, lena n-áirítear an Ríocht Aontaithe, an Nua-Shéalainn agus Málta. "Is é fírinne an scéil ná go gcaithfimid a chinntiú nuair a bhíonn an eachtra neamhchoitianta sin ag oibrí ina saol, cibé acu breith anabaí nó cóireáil torthúlachta é, go dtugtar saoire chomhbhách don ionad oibre dóibh, agus gur cheart dóibh a bheith amuigh ar lánphá," a dúirt sí. Deir Roinn na Gaeltachta go gcuirfear tús leis an phróiseas comhairliúcháin maidir le caighdeáin teanga laistigh de sé mhí. Tagann na caighdeáin in áit chóras na scéimeanna teanga, agus tá an chéim seo ar cheann de phríomhbhearta na reachtaíochta teanga a ritheadh ag deireadh 2021. Bhí sé i gceist an córas nua a chur i bhfeidhm roimh dheireadh 2024 agus imní léirithe ag an Choimisinéir Teanga ó dheas agus ag polaiteoirí faoin mhoill. Faoin chóras nua caighdeán teanga, leagfar dualgais chaighdeánacha teanga ar chomhlachtaí poiblí bunaithe ar an mhéid teagmhála a bhíonn acu leis an phobal. Ag cruinniú de choiste Gaeilge an Oireachtais Dé Máirt, dúirt an Dr Aodhán Mac Cormaic, Ceannasaí Roinn na Gaeltachta, go raibh cur i bhfeidhm na reachtaíochta teanga sin níos casta ná aon rud eile a bhí feicthe aige. “Tá mise 40 bliain sa státseirbhís an mhí seo chugainn agus níor tháinig mé ar phíosa oibre chomh casta leis an phíosa oibre seo atá ar bun don togra seo uilig,” a dúirt an Dr Mac Cormaic agus é ag labhairt ar ullmhú na gcaighdeán, an sprioc earcaíochta 20% agus na bearta eile ata mar chuid d’Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021.  Cuireadh thart ar 2,000 duine amach as breis agus 300 teach i Falmouth i gCorn na Breataine agus saineolaithe ag plé le buama ón Dara Cogadh Domhanda a aimsíodh san fharraige. Glaodh ar na seirbhísí éigeandála ar 9.15 ar maidin nuair a aimsíodh gléas a chreidtear a bheith ina bhuama aeir Meiriceánach nár phleasc ón Dara Cogadh Domhanda san uisce. Cuireadh crios eisiaimh 300m i bhfeidhm ar dtús, a leathnaíodh go 755m. Cuireadh seirbhísí traenach idir stáisiúin Dugaí Falmouth agus Baile Falmouth ar ceal. Thug Póilíní Devon agus Chorn na Breataine rabhadh: “Má leathnaítear an crios slándála agus má tá cónaí ort laistigh den limistéar seo, moltar go láidir duit do theach a fhágáil faoi 09:00.” Chuaigh an crios eisiaimh i bhfeidhm ar 339 teach. Bunaíodh ionad aslonnaithe ag Eaglais All Saints ar Shráid Killigrew, áit a raibh réimse brioscaí, tae, caife agus luchtairí fón ar fáil d’aon duine a bhí curtha as a dteach, agus gabhadh buíochas le cónaitheoirí as a bhfoighne agus a gcuidiú i rith an ama. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS breith anabaí - miscarriage torthúlacht - fertility próiseas comhairliúcháin - consultation process sprioc earcaíochta - recruitment target crios eisiaimh - exclusion zone cónaitheoirí - residents

5
out of 5
19 Ratings

About

Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. The week's main news stories, read slowly in Irish.

You Might Also Like