Seachtain

Scéalta, Eolas, Tuairimí; An Indo as Gaeilge. 

  1. A Gaeltacht resurrected: Áit a bhí á bánú ach anois faoi bhláth

    JAN 15

    A Gaeltacht resurrected: Áit a bhí á bánú ach anois faoi bhláth

    Amuigh faoin tuath in oirthear Chontae Dhoire, díreach faoi scáth shliabh Charn Tóchair, tá pobal beag de chúpla cead theach le fáil ann.   Go dtí tús an 20ú haois, bhí Gaeilge láidir go fóill sa cheantar, ach tháinig athrú ar sin nuair a thosaigh an cheantar á bhánú de bharr easpa fostaíochta, easpa tithe agus easpa deiseanna.  Thart fá tríocha bliana ó shin, tháinig an pobal le chéile le dul i ngleic leis an mbánú seo, thosaigh siad coiste le hathghiniúint a dhéanamh ar an gceantar agus leag siad béim láidir ar an nGaeilge.  Ó shin i leith, tá rath iontach ar an dúiche agus bhronnadh aitheantas oifigiúil ar an cheantar mar Líonra Gaeilge in 2015, an chéad uair a bhain ceantar tuaithe a leithéid d’aitheantas.  Ní hamháin sin ach tá clú millteanach ar an gclub CLG áitiúil, Sléacht Neill, mar gheall ar na gaiscí atá bainte amach acu ar an bpáirc imeartha le blianta beaga anuas.  Éachtaí dochreidte do cheantar beag iargúlta nach bhfuil fiú sráidbhaile le fáil ann.   Láithreoir: Tessa Fleming, Aoi: Aoife Ní Chasaide    Foclóir:  Eispéireas: Experience  Fís: Vision  Muintir na háite: The local people  Coiste: Committee  De réir mo thuigbhéala: From my understanding  Bothán: cabin  Neartú: Strengthen  Éacht: Achievement  Cothú: Cultivate  Tírdhreach: Landscape  Uile-Éireann: All-Ireland  Dúshlánach: Challenging  Comhairle: Advice  Comhphobal: Community  Ag streachailt: Struggling  Díospóireacht: Debate  I lár an aonaigh: Centre stage  Thar fóir: Over the top   Aird: Attention    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    23 min

Ratings & Reviews

5
out of 5
4 Ratings

About

Scéalta, Eolas, Tuairimí; An Indo as Gaeilge. 

More From Irish Independent

You Might Also Like