ClubLeabhar.com - Irish Language Book Club

ClubLeabhar.com

[English version below] Is tionscadal de chuid Gaelchultúr Teoranta (www.gaelchultur.com) é ClubLeabhar.com. Bunaíodh an comhlacht Gaelchultúr sa bhliain 2004 agus é mar sprioc aige an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach, idir cheol, amhránaíocht agus damhsa, a chur chun cinn i mBaile Átha Cliath agus ar fud na tíre. Tá sé mar aidhm ag ClubLeabhar.com daoine in Éirinn agus i dtíortha eile ar fud an domhain a spreagadh chun leabhair Ghaeilge a léamh. Is féidir le daoine aonair ballraíocht a bhaint amach sa chlub leabhar seo ar líne ach tá sé mar aidhm againn chomh maith na baill a spreagadh le teacht le chéile uair sa mhí in ionaid éagsúla ar fud na hÉireann agus thar lear chun an saothar a bheidh mar leabhar na míosa a phlé. Ní thógann sé ach nóiméad clárú don chlub agus níl aon táille i gceist. Roghnaítear leabhar nua gach mí agus bíonn deis ag na baill plé a dhéanamh ar an saothar i bhfóram an tsuímh. Bíonn fáil ag na baill ar aistriúcháin Bhéarla ar na focail agus frásaí is deacra sna leabhair a bhíonn á bplé, rud a éascaíonn an léitheoireacht go mór. Tá sé mar pholasaí againn leabhair atá róchasta agus acadúil a sheachaint. Tugtar tús áite d’úrscéalta agus do chnuasaigh gearrscéalta, ach bíonn seánraí eile (filíocht agus leabhair thaistil, cuir i gcás) i gceist ó am go chéile chomh maith. Bíonn meascán ann de leabhair nua-fhoilsithe agus clasaicigh atá fós i gcló. Más mian leat go mbeadh leabhar Gaeilge a thaitníonn go mór leatsa mar leabhar na míosa ar an suíomh seo, bí i dteagmháil linn! Tá liosta le fáil ar Clubleabhar.com de na clubanna leabhar Gaeilge atá ag feidhmiú in Éirinn cheana féin agus tá Gaelchultúr ag súil go spreagfaidh an tionscadal seo ar líne daoine le clubanna nua a thosú, ní hamháin in Éirinn ach i dtíortha eile mar na Stáit Aontaithe agus an Astráil ina bhfuil lucht na Gaeilge gníomhach cheana féin. Tá comhairle agus tacaíocht ar fáil sa rannóg Bunaigh Club dóibh siúd a bhfuil spéis acu a gclub leabhar féin a bhunú. Is féidir na leabhair a bhíonn á bplé ar ClubLeabhar.com a cheannach ar siopa.ie. Ar an suíomh sin, tá deis agat leabhar amháin a cheannach nó beart de na leabhair ar fad a bhíonn á bplé i ngach sraith. Tá maoiniú á chur ar fáil do Clubleabhar.com ag Clár na Leabhar Gaeilge (Foras na Gaeilge). [Leagan Gaeilge thuas] The ClubLeabhar.com project is run by Gaelchultúr Teoranta (www.gaelchultur.com). The company was established in 2004 with the aim of promoting the Irish language and various aspects of Irish culture, including music, song and dance, in Dublin and around the country. ClubLeabhar.com aims to encourage people in Ireland and abroad to read Irish language books. Individuals can become members of this online book club but we also want to encourage the members to meet once a month in various locations around Ireland to discuss the work that will be the book of the month. There is no membership fee. It only takes a minute to register for the club and there’s no membership fee. A new book is chosen each month and club members have an opportunity to discuss this book in the website’s forum. Members have access to English translations of the most difficult words and phrases in the books being discussed, which makes reading them a lot easier. It’s our policy to avoid books that are too difficult or academic. The focus is on novels and short-story collections for the most part, but books from other genres (poetry and travel books, for example) are discussed from time to time. There is a mix of newly-published books and classics that are still in print. If you would like a book in Irish that you’ve enjoyed to be book of the month on this site, please contact us! There is a list available on Clubleabhar.com of the Irish language book clubs already functioning in Ireland and Gaelchultúr hopes that this online project will encourage peopl

  1. Bódléar - Leabhar mhí Feabhra 2026 | February's Book of the Month 2026

    FEB 3

    Bódléar - Leabhar mhí Feabhra 2026 | February's Book of the Month 2026

    [English version below] I mbaile beag ar an gcósta thiar, gach samhradh, cumann an máistir scoile dán ar son mhuintir an bhaile agus tugann leis ó dheas chuig Cúirt Mhór na bhFilí i gCúige Mumhan é. Tar éis na cúirte, tugann sé dánta is amhráin nua na bhfilí Muimhneacha abhaile leis. Bíonn muintir an bhaile ag súil go mór leis na hamhráin nua, agus reachtálann siad oíche mhór le fáilte abhaile a chur roimhe. I mbliana, tá Bódléar tagtha aneas agus cantal air. As seo seo amach, cumfaidh sé “filíocht nua,” a deir sé, “filíocht níos fírinní!” Ach nuair a chloiseann muintir an bhaile na dánta nua “gan cheol gan rithim”, tagann uafás agus alltacht orthu. An sagart féin, fógraíonn sé na ‘filí mallaithe’ ón altóir. Úrscéal é seo a phléann leis an athrú a bhí ag teacht ar shaol agus ar chultúr na tuaithe ar fud na hEorpa san 19ú haois. Ceiliúradh freisin é ar dhomhan na bhfilí Muimhneacha agus ar an ngaol speisialta a bhí againn leis an bhFrainc. Bhuaigh an leabhar seo Duais an Oireachtais 2024 agus Gradam Uí Shúilleabháin ‘Leabhar na Bliana’ 2025 Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Úna Nic Cárthaigh agus Ava Ní Loinsigh [Leagan Gaeilge thuas] In a village on the west coast of Ireland, every summer, the local poet is sent south to Munster to represent his village at the great gathering of poets. And each year, he composes a new poem for the occasion and, more importantly, he brings home new poems and songs. The people of the village love the songs he brings back to them, and organize a big night every year to welcome him home. But this year, the poet has returned in a foul humour. From now on, he will compose “new poetry, truer poetry!” he says. But when his new “rhymeless and toneless” poems are heard, the locals are horrified…. Bódléar is a novel with a light comic touch, a romance that deals with the changes in life and the ways in which people deal with them. Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Úna Nic Cárthaigh and Ava Ní Loinsigh

    19 min
  2. Scéalta Nollag - Leabhar mhí na Nollag 2025 | December's Book of the Month 2025

    12/08/2025

    Scéalta Nollag - Leabhar mhí na Nollag 2025 | December's Book of the Month 2025

    [English version below] - Gearrliosta 'Leabhar Ficsin Gaeilge na Bliana' ag Gradaim An Post 2025 Foilsíodh leaganacha d’fhormhór na scéalta seo i gcolún an údair ‘Crobhingne’ san Irish Times aimsir na Nollag le fiche bliain anuas. Is geall le fabhalscéalta nó athinsintí samhlaíocha iad ar a bhfuil sa Bhíobla, nó neachtar acu, eachtraí atá bunaithe ar thomhaltachas Nollaig na linne seo. Scéal níos faide is ea ‘Lá Breithe’ ar óige Íosa nach bhfuil aon leagan de le fáil sa Tiomna Nua in aon chor, in aon chor. Bhuaigh an scéal seo duais do shaothar spioradáltachta ag Comórtais Liteartha an Oireachtais 2024. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Sorcha de Brún [Leagan Gaeilge thuas] - Shortlisted for 'Irish Language Fiction Book of the Year' at the An Post Irish Book Awards 2025 Versions of most of these stories were previously published in the author’s column ‘Crobhingne’ in The Irish Times at Christmastime over the past twenty years. Some could be described as fables or imaginative retellings of Bible stories. Others are tales inspired by modern-day Christmas consumerism. ‘Lá Breithe’ is a longer story about Jesus’ childhood. No version of this story exists in the New Testament at all, at all. This story won a prize in the spiritual writing category at the 2024 Oireachtas Literary Competitions. Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Sorcha de Brún Show less

    21 min
  3. Dúnmharú i bPáirc an Chrócaigh - Leabhar mhí na Samhna 2025 | November's Book of the Month 2025

    10/27/2025

    Dúnmharú i bPáirc an Chrócaigh - Leabhar mhí na Samhna 2025 | November's Book of the Month 2025

    [English version below] ‘Dúnmharú! Piléar tríd an gcluas! Ar an dé deiridh atá sé! Tagann deireadh tobann leis an gCluiche Ceannais i bPáirc an Chrócaigh nuair a dhúnmharaítear Seán Ó Glaimhín, an t-iománaí is fearr sa tír, ar an bpáirc imeartha. Ach cérbh é an Glaimhíneach seo, i ndáiríre? Cad a bhí ar siúl aige go ndearnadh é a lámhach go poiblí? Agus cé na dreamanna amhrasacha a raibh sé ag obair dóibh? Ar ámharaí an tsaoil bhí Réics Carló, an lorgaire phríobháideach is fearr sa tír, agus a chúntóir óg, Brian Ó Ruairc, i láthair ag an gcluiche. An mbeidh siadsan in ann na ceisteanna sin a fhreagairt agus cabhrú leis na Gardaí cód agus rúndiamhra an cháis a réiteach? Ar eagla nár leor gunna agus intleacht ghéar bíonn Réics Carló i gcónaí in ann brath ar a dhá dhorn má tharlaíonn sé é a bheith i sáinn. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Nóra Nic Con Ultaigh agus Rónán Mistéil [Leagan Gaeilge thuas] If the best hurler in the country, Seán Ó Glaimhín, is shot dead during the All Ireland Final then he must have got in with the wrong crowd reasons the private detective Réics Carló to this assistant Brian Ó Ruairc both of them shocked at what they have just witnessed in Croke Park. The action on the pitch may have come to a sudden stop but now its time for quick wits to get to the bottom of this gruesome murder. Réics and Brian are only too happy to answer the call of duty and help An Garda Síochána to solve the mystery. But where to start? Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Nóra Nic Con Ultaigh and Rónán Mistéil

    23 min

About