Nuacht Mhall

Conradh na Gaeilge i Londain

Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. The week's main news stories, read slowly in Irish.

  1. 1 DAY AGO

    3 Eanáir 2026 (Tiobraid Árann)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an tríú lá de mhí Eanáir. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh. Tharla tine uafásach ag cóisir chéiliúradh na hAthbhliana ag ionad sciála in Crans-Montana san Eilvéis. Maraíodh timpeall 40 duine agus gortaíodh breis is céad duine sa tine. Tá fiosrú maidir le cúis na tine fós ar siúl. Deir finnéithe go mb’fhéidir gur coinneal ar bharr buidéil seampéin a thosaigh an tine ach tá oifigí ag diúitiú aon ráiteas a dhéanamh ag an bpointe seo. Deirtear go dtógfaidh sé laethanta nó seachtainí fiú chun íospartaigh na tubaiste a aithint agus teaghlaigh agus cairde na n-íospartach ag fanacht le nuacht. Slua óg, idirnáisiúnta a bhí ag céilliúradh an óiche sin, tá daoine ón gceantar áitiúil agus oifigí ó thíortha na n-íospartach ag báiliú ag suíomh na tubaiste chun a meas a thaispeáint agus bláthanna agus coinnle a chur amach. Beidh Comóradh Céad Bliain de raidió Éireannach á chéilliúradh i rith 2026. Tar éis craoltaí trialacha a fhoilsiú an bhliain roimhe, ar an gcéad lá de mhí Eanáir 1926 sheol Dubhghlas de hÍde 2RN, réamhtheachtaí Raidió Éireann, agus Raidió Teilifís Éireann tar éis sin, leis an chéad aitheasc raidió poiblí i nGaeilge agus i mBéarla. Dúirt sé go raibh sé in am d’Éirinn a háit a thógáil le tíortha eile na hEorpa a raibh raidió náisiúnta acu cheana. Ar dtús bhí gearáin ó roinn den phobail, go raibh na craoltaí ag tógáil spás na gcraoltaí Sasanacha. Céad bliain ina dhiaidh sin, tá 33 cainéal náisiúnta, 21 cainéal áitiúla ar fáil agus beagnach 3.5 milliún duine ag éisteacht le raidió Éireannach gach lá den tseachtain. Beidh réimse craoltaí beo ó Ard-Oifig an Phoist ar an 15 Eanáir chun an ócáid a mharcáil, trasna Raidió na Gaeltachta, RTE 1 agus a thuilleadh. Tá nasc don chéad chraoladh a thug Dubhghlas de hÍde le fáil sa script: https://www.rte.ie/archives/exhibitions/681-history-of-rte/682-rte-1920s/289997-first-radio-/ Thosaigh agóid in Tehran san Iaráin an tseachtain seo caite faoin mboilsciú agus faoin díluacháil tar éis titim an rial, airgeadra na hIaráine, go dtí an luach is ísle riamh. Spreagadh agóidí i gcathracha ar fud na tíre ó shin agus na póiliní ag iarraidh na hagóideoirí a scaipeadh, ag úsáid brú agus deoirgháis. Tuairiscíodh bás seisir Déardaoin, tar éis fhormhéadú na corraíola. Phóstáil Donald Trump, Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá, ar Truth Social Dé hAoine, go rachadh na Stáit Aontaithe isteach sa chás go maródh an Iaráin aon agóideoirí. Níl sé soiléir cén gníomh atá i gceist ag Trump leis an ráiteas seo ach deirtear go mbeidh cur isteach na Stát Aontaithe sa choimhlint dainséarach don réigiún. Léiríonn na hagóidí seo ní amháin míshásacht an phobail san Iaráin le stádas eacnamaíocht na tíre, ach leis an gcóras san iomlán. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS fiosrú - investigation íospartach - victim craoltaí - broadcasts aitheasc - address (speech) boilsciú - inflation díluacháil - devaluation

    5 min
  2. 27 Nollaig 2025 (Tír Eoghain)

    27/12/2025

    27 Nollaig 2025 (Tír Eoghain)

    Inniu an seachtú lá is fiche de mhí na Nollag. Is mise Niall Ó Siadhail. Tá suas le trian den phobal i gCív na hÚcráine gan teas lárnach inniu i ndiaidh baráiste drón agus diúracán ón Rúis. Maítear go bhfuil Moscó ag díriú ar shaoráidí fuinnimh agus ar bhonneagar sibhialta, fiú agus an teocht faoi bhun an reophointe. Beidh Uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelenskyy ag dul go Floridaamárach chun bualadh le hUachtarán na Stát Aontaithe, ag súil go gcuirfidh na Meiriceánaigh brú ar an Rúis agus dúirt Zelenskyy go bhfuil plean síochána fiche pointe “nócha faoin chéad réidh”. Tá sé ráite ag Zelenskyy roimhe gurbh fhéidir glacadh le stádas mar shaorlimistéar eacnamaíochta nó limistéar dímhíleataithe a thabhairt don Donbas, ach go mbeadh reifreann de dhíth san Úcráin chun an plean sin a fhaomhadh. Sa Ríocht Aontaithe, tá moladh radacach déanta ag an ailtire a dhear an London Eye chun dul i ngleic le héileamh leictreachais san am atá le teacht: stáisiún cumhachta taoide ollmhór a chruthódh murlach ar chósta Somerset. Bheadh 125 tuirbín faoiuisce ann, i stua idir Minehead agus Watchet i Muir na Sabhrainne, nó Cainéal Bristol mar a thugtar air i mBéarla. Bheadh raon rothar 14 mhíle ar bharr an struchtúir agus muiríne le haghaidh spóirt uisce taobh istigh den mhurlach. Deir Feisire áitiúil go mbeadh an suíomh “íocónach” agus táthar ag súil go mbeadh turasóirí ag filleadh ar an cheantar de bharr na saoráidí úra. Tá an scannán úr Saipan le feiceáil sa phictiúrlann an tseachtain seo, ina léirítear na heachtraí mícháiliúla a thit amach i measc fhoireann peile na hÉireann sna hOileáin Mháirianacha Thuaidh go gairid roimh Chorn an Domhain sa bhliain 2002. Beidh na haisteoirí Steve Coogan agus Éanna Hardwicke i ról Mick McCarthy agus Roy Keane faoi seach, agus ní milleadh é le rá gur fhág Keane, duine de na peileadóirí ab fhearr riamh in Éireann, agus chuaigh sé abhaile sular cuireadh tús leis an chomórtas. Eachtra chonspóideach a bhí ann ar an am agus atá fós sa lá atá inniu ann, ach ba é 2002 Corn an Domhain deireanach a raibh Éire páirteach ann. Tá deis ag foireann reatha na hÉireann an comórtas céanna a bhaint amach sa bhliain atá romhainn, agus le cuidiú Dé ní bheidh aon choimhlint idirphearsanta ag cur isteach ar an fheachtas. Bliain úr faoi shéan is faoi mhaise oraibh uilig. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS faoi bhun an reophointe - below freezing saorlimistéar eacnamaíochta - economic free zone murlach - lagoon stua - arc eachtraí mícháiliúla - infamous events coimhlint idirphearsanta - interpersonal conflict

    8 min
  3. 20 Nollaig 2025 (Gaillimh)

    20/12/2025

    20 Nollaig 2025 (Gaillimh)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an fichiú lá de mhí na Nollag. Is mise Eoin Ó Seachnasaigh. Maraíodh cúig dhuine dhéag, paiste deich mbliana d’aois san áireamh, in ionsaí sceimhlitheoireachta ar Thrá Bondi in Sydney na hAstráile Dé Domhnaigh seo caite. Is iad an bheirt atá ainmnithe leis an sléacht Sajid Akram, a bhí 50 bliain d’aois, agus a mhac Naveed Akram, 24 bliain d’aois. Maraíodh an Akram ba shine ar an láthair agus gortaíodh an mac go dona sular tugadh chun ospidéil é. Scaoil an bheirt acu urchair ar shlua a bhí bailithe ar an trá chun ceiliúradh a dhéanamh ar fhéile mhór na nGiúdach, Hanukkah. D’éirigh le fear darb ainm Ahmed al-Ahmed an t-arm a bhaint ó dhuine de na gunnadóirí, agus dúirt príomh-aire New South Wales gur mhair go leor daoine mar thoradh ar an gcrógacht a léirigh sé. I ráiteas a d’eisigh Pobal Giúdach na hÉireann, chuir siad a gcomhbhrón in iúl dá ngaolta agus dá gcairde thar lear san Astráil atá ag fulaingt mar gheall ar na hionsaithe. Dúirt Coimisinéir na nGardaí, Justin Kelly, go dtabharfaí tacaíocht agus cosaint bhreise don phobal Giúdach in Éirinn. Bhí agóid i Londain oíche Dé Céadaoin, lasmuigh d’Aireacht Dlí agus Cirt na Breataine, i gcoinne an diúltaithe cead a thabhairt do stailceoirí ocrais dul go hospidéal. Bhí an teannas idir na póilíní agus na hagóideoirí le brath agus breis is míle duine bailithe chun tacaíocht a léiriú do Qesser Zuhrah, 20 bliain d'aois, agus Amy Gardiner-Gibson, 30 bliain d'aois, atá ar stailc ocrais anois le breis is daichead a sé lá agus ag fulaingt go dona. Gabhadh beirt ar an láthair agus baineadh frith-agóideoir amháin amach as an slua. I mí Iúil, d’fhógair Rialtas na Breataine go raibh cosc i bhfeidhm ar an ngrúpa Palestine Action. Ó shin i leith, tá beagnach 2,500 duine gafa ag na póilíní agus tá seisear priosúnach ar stailc ocrais anois mar agóid i gcoinne mí-úsáid chumhachta an stáit. Faoi dheireadh, tar éis iarrachtaí fada ó bhaill den phobal agus ó pholaiteoirí ar nós Zarah Sultana agus Jeremy Corbyn, a chuir brú ar na húdaráis, thug otharcarr Zuhrah go dtí an t-ospidéal chun cúram éigeandála a fháil. Tá an tAire Dlí agus Cirt, David Lammy, fós ag diúltiú labhairt le teaghlaigh na stailceoirí. Tá sceideal cuimsitheach fógartha ag TG4 don Nollaig agus réimse leathan de scannáin, de chláir faisnéise agus de chláir cheoil acu, chomh maith le rogha mhór mhillteach d’ábhar do pháistí, buíochas le Cúla4. Beidh lucht leanúna an cheoil thraidisiúnta ag tnúth go mór le Geantraí na Nollag 2025, a chraolfar ag 7pm Lá Nollag, agus le roinnt clár dírithe ar Oireachtas na Samhna, a chraolfar le linn an deireadh seachtaine i ndiaidh na Nollag. I measc na mbuaicphointí eile, ó thaobh cláir faisnéise de, beidh George Best i gCorcaigh le feiceáil Lá Fhéile Stiofáin ag 8.15pm, ag insint scéal na tréimhse gairide a chaith an peileadóir cáiliúil thíos i gCúige Mumhan caoga bliain ó shin. Idir an dá linn, bainfidh daoine beaga sult as an scannán beochana Nollaí, scéal lách faoi fhia óg, atá ar fáil ar an seinnteoir anois. Is féidir an sceideal iomlán a fháil ag tg4.ie. Agus sin nuacht na Nollag. Feicfimid go luath sibh, ach go dtí sin, Nollaig mhór mhaith daoibh uilig ó chuile dhuine anseo ar Nuacht Mhall. *

    9 min
  4. 14/12/2025

    13 Nollaig 2025 (An Dún)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an tríú lá déag de mhí na Nollag. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh. Tá teaghlach Patrick Rooney, an chéad leanbh a fuair bás sna Trioblóidí, le "cúiteamh suntasach" a fháil tar éis caingean dlí i gcoinne Sheirbhís Póilíní Thuaisceart Éireann as a dhúnmharú mídhleathach sa bhliain 1969. Lámhachadh Patrick, buachaill 9 mbliana d'aois, ina cheann ag Árasáin Dhuibhise i mBéal Feirste le linn oibríochta ag Constáblacht Ríoga Uladh (RUC), a scaoil suas le 200 babhta ó ghunnaí meaisín suite i bhfeithiclí. Bhí Patrick ina árasán lena theaghlach, ag lorg foscadh i seomra leapa, nuair a bhuail piléar é. Chuir an RUC bac ar imscrúduithe ina dhiaidh sin, agus fuair tuarascáil Ombudsman na bpóilíní in 2021 teipeanna suntasacha oibríochtúla agus imscrúdaitheacha. Mar thoradh ar an chaingean dlí, a ghlac máthair Patrick, Alice Rooney, thángthas ar shocrú lena n-áirítear leithscéal foirmiúil ón PSNI, ina n-aithneofar fulaingt an teaghlaigh. Tugann an socrú, tar éis 56 bliain, roinnt ceartais don teaghlach. Seoladh foclóir nua Gaeilge an tseachtain seo ag an iarsmalann EPIC i mBaile Átha Cliath. Is é an foclóir seo, a sheol an tUachtarán Catherine Connolly ag imeacht Dé Máirt, an chéad fhoclóir cuimsitheach aonteangach Gaeilge-Gaeilge. Dúirt an tUachtarán Connolly gur "acmhainn ríthábhachtach in aon teanga bheo é foclóir aonteangach nua-aimseartha, ina leagann pobal na teanga amach saibhreas agus uathúlacht na teanga ina cuid focal féin, seachas trí mhéan teanga eile". Cuireadh tús le hobair ar An Foclóir Nua Gaeilge i mí Mheán Fómhair 2022, agus bhí príomheagarthóir foclóir Fhoras na Gaeilge Pádraig Ó Mianáin agus clárbhainisteoir foclóra Cormac Breathnach i gceannas ar an tionscadal. Tá sciar tosaigh de 20,000 iontráil, ina bhfuil 40,000 ciall focail, beo ar Focloir.ie. Tá príomhchéim an tionscadail foclóra le bheith críochnaithe faoi Lúnasa 2027, agus faoin am sin beidh 30,000 iontráil agus 80,000 ciall ann. Tá balla ollmhór faoi uisce aimsithe ag seandálaithe mara na Fraince amach ó chósta na Briotáine, atá thart ar 7,000 bliain d'aois. Síltear gur ó shochaí na Clochaoise a d’fhéadfadh sé a bheith agus gurbh é a imeacht faoi na farraigí mar bhunús le finscéal faoi chathair áitiúil a chuaigh faoi uisce. Creideann na seandálaithe gur gaiste éisc nó claí a bhí sa bhalla 120 méadar (394 troigh) – an foirgneamh faoi uisce is mó a fuarthas riamh sa Fhrainc – chun cosaint a thabhairt i gcoinne leibhéil na farraige ag ardú. Nuair a tógadh é ar Île de Sein ag rinn thiar na Briotáine, bhí an balla ar an chladach, ach tá sé faoi naoi méadar uisce sa lá atá inniu ann. Tá an balla 20 méadar ar leithead agus dhá mhéadar ar airde ar an mheán. Fuair tumadóirí clocha móra eibhir – nó monailití – ag gobadh amach os cionn an bhalla i dhá líne chomhthreomhara. Más ceart an hipitéis faoin ghaiste éisc, is dócha go mbíodh líonra déanta as bataí agus craobhacha faoi chúram na monailítí ag gobadh amach chun iasc a ghabháil de réir mar a tharraing an taoide siar. Le mais iomlán de 3,300 tonna, is cinnte gur obair phobail shuntasach a bhí sa bhalla. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS cúiteamh - compensation caingean dlí - action at law acmhainn - resource aonteangach - monolingual gaiste éisc - fish trap clocha móra eibhir - large granite stones

    6 min
  5. 06/12/2025

    6 Nollaig 2025 (Maigh Eo)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an séú lá de mhí na Nollag. Is mise Oisín Mac Conamhna. I Stáit Aontaithe Mheiriceá Déardaoin, thug an tAimiréal Frank Bradley fianaise don Chomhdháil faoi dhá ionsaí a rinne Cabhlach Mheiriceá ar bhád a bhí ag iompar drugaí, de réir Washington, ar an dara lá de mhí Mheán Fómhair. Scaoil siad dhá dhiúracán ar an mbád ar dtús, a bhris as a chéile ina dhá chuid é,agus a mharaigh gach duine ar bord seachas beirt, a bhí fágtha, de réir cosúlachta, agus iad longbhriste sa raic. Ansin scaoil an Cabhlach dhá dhiúracán eile chun an bheirt údaí a mharú, agus d’éirigh leo. Is coir chogaidh é, agus sárú ar Choinbhinsiún na Ginéive, mairnéalaigh longbhriste a mharú. Ta sé ráite ag an rialtas le Uachtarán Trump go bhfuil cogadh ar siúl idir Stáit Aontaithe Mheiriceá agus na cairtéil atá ag iomportáil drugaí ann, acht is conspóideach an cogadh é, ó thaobh an dlí de, mar sin féin. I Sasana, tá fiche a hocht duine a bhí ar scoil le Nigel Farage i gColáiste Dulwich, Londain, tar éis a rá don nuachtán The Guardian go bhfaca siad bulaíocht chiníoch nó fhrith-sheimíteach uaidh ag an am sin. Dúirt Peter Ettedgui, stiúrthóir scannán mór le rá atá ina Ghiúdach, go raibh sé mar nós agFarage a rá leis go raibh an ceart ag Hitler, nó a bheith ag siosarnach leis amhail is dá mbeadh gás nimhiúil ann. Dúirt Yinke Bankole gur thosaigh sé ar scoil ann nuair a raibh sé naoi mbliana d’aois, agus bhí Farage thart ar seacht déag, agus gur cuimhin leis Farage ag díriú a láimhe agus ag rá leis gur sin an bealach ar ais go dtí an Afraic. Dúirt comhscoláirí éagsúla gur chonaic siad Farage ag canadh “Gásaigh iad uilig”, nó agmí-úsáid a chumhachta mar chinnire go ciníoch; agus dúirt roinnt comhscoláirí go bhfaca siad Farage ag caitheamh maslaí ciníocha go minic. Ghlac Farage páirt ollmhór i bhfeachtas an Bhreatimeachta, agus anois tá sé i gceannas ar an bpáirtí Reform UK, atá chun tosaigh ar leibhéil náisiúnta ar thart ar 30% snaphobalbreitheanna sa Ríocht Aontaithe. Dúirt Farage nár thug sé íde béil chiníoch d'aon ghnó riamh, agus nach ndearna sé iarracht dhíreach, dháiríre daoine a ghortú. Bhí tráthnóna mór ann in Áras Inis Gluaire i mBéal an Mhuirthead Dé hAoine, le tacaiocht mhór ón eagraíocht Gaeilge Iorrais, nuair a sheol Aire na Gaeltachta Dara Calleary an leabhar “Scéal Muirí Mhuigh Eo” le Breandán Mac Conamhna, foilsithe ag Mayo Books Press. Insíonn an leabhar scéal oidhreacht mhuirí an chontae ón gClochaois go dtí an lá áta inniu ann. Tá sé scríofa go hiomlán i gcanúint Iorrais, tuaisceart Mhuigh Eo, agus dár leis an údar, a rugadh i mBéal Deirg ar chósta thuaidh an chontae sa bhliain 1936, is é an chéad leabhar dá leithéid ar feadh seachtó bliain, ó tháinig an Caighdeán Oifigiúil an an bhfód. Do mhol an tAire an saothar, tábhacht na canúna, agus an leabharmar bhrontannas Nollag; agus tar éis an seolta bhí béile agus ól, ceol, damhsa, amhránaíocht, caint agus craic. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS coir chogaidh - war crime mairnéalaigh longbhriste - shipwrecked sailors bulaíocht chiníoch nó fhrith-sheimíteach - racist or anti-semitic bullying d'aon ghnó - on purpose oidhreacht mhuirí - maritime heritage an Chlochaois - the Stone Age

    8 min
  6. 29/11/2025

    29 Samhain 2025 (Baile Átha Cliath)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an naoú lá is fiche de mhí na Samhna. Is mise Liam Ó Brádaigh. Tá smacht curtha ag comhraiceoirí dóiteáin Hong Cong ar thine ollmhór i gcoimpléasc árasán inar maraíodh 128 duine ar a laghad agus inar gortaíodh 70 duine. Dúirt na póilíní gur dócha gurbh é gnólacht tógála "faillíoch go mór" a bhí ag úsáid ábhar neamhshábháilte ba chúis leis an tine. Agus Hong Cong ag streachailt leis an tine is measa sa chathair le breis agus 60 bliain, tá na céadta de chónaitheoirí an réigiúin tar éis obair dheonach a dhéanamh chun cabhrú leis na híospartaigh easáitithe. Tá thart ar 500 cónaitheoir scaipthe faoi láthair i naoi n-ionad tithíochta sealadacha. Tá Pam Hogg, an dearthóir faisin Albanach a chruthaigh stíleanna do réaltaí lena n-áirítear Rihanna agus Kate Moss, tar éis bháis, a d’fhógair a teaghlach. Tuigtear go raibh Hogg ina seascaidí, ach níor nocht sí a haois go poiblí riamh. Níor tugadh cúis an bháis ach oiread, ach dúirt a teaghlach gur mian leo "buíochas a ghabháil le foireann uile Ospís Naomh Seosamh, Hacnaí as an tacaíocht álainn a thug siad do Pamela ina laethanta deiridh". Ba cheoltóir í Hogg freisin agus thacaigh sí le Debbie Harry ó Blondie agus The Pogues, sular bhunaigh sí an banna, Doll. Díoladh uaireadóir póca óir a fuarthas ó lánúin scothaosta a cailleadh nuair a chuaigh an Titanic go tóin poill ar os cionn €2 mhilliún ag ceant. Ba é an tsuim is airde a íocadh riamh as cuimhneachán Titanic, a dúirt na ceantálaithe. Ba leis an bpaisinéir sa chéad ghrád Isidor Straus an t-uaireadóir óir 18 carat, a bádh nuair a bhuail an long cnoc oighir i mí Aibreáin 1912, rud a d’fhág 1,500 duine marbh. Léiríodh é féin agus a bhean chéile Ida i scannán mór le rá James Cameron, Titanic, sa bhliain 1997 mar an lánúin ag coinneáil le chéile agus an Titanic ag dul faoi. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS comhraiceoirí dóiteáin - firefighters faillíoch - negligent easáitithe - displaced uaireadóir póca - pocket watch ceant - auction paisinéir sa chéad ghrád - first class passenger

    4 min
  7. 22/11/2025

    22 Samhain 2025 (Luimneach)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an dara lá is fiche de mhí na Sahmna. Is mise Sibéal Dempsey. Vótáil comhairle slándála na Náisiún Aontaithe i bhfabhar rún a thacaíonn le plean Donald Trump do Gaza. Tá roinnt gnéithe sa phlean, lena n-áirítear bunú Fórsa Cobhsaíochta Idirnáisiúnta, a bhfuil roinnt tíortha gan ainm tar éis tairiscint a bheith páirteach ann. Seachas an Rúis agus an tSín, a staon ón vóta, vótáil na tíortha eile go léir i bhfabhar an rúin. Dhiúltaigh Hamas dó, áfach, iad ag rá go gcruthaíonn sé páirtí eile sa choinbhleacht agus go bhforchuireann sé caomhnóireacht ar Stráice Gaza. Cruthaíodh comhlacht ar a dtugtar an Bord Síochána freisin, a bhfuil sé de chúram air maoirseacht a dhéanamh ar atógáil Gaza agus ar sheachadadh cabhrach daonnúla. Dúirt Trump gur “stairiúil” vóta na Comhairle Slándála agus meastar go mbeidh sé ina chathaoirleach ar an mBord Síochána. Chonacthas long spiaireachta Rúiseach amach ó chósta na hAlban an tseachtain seo, agus í ar a bealach i dtreo uiscí atá faoi smacht na hÉireann, agus geallann an Ríocht Aontaithe freagairt mhíleata dá n-aistreodh sí níos faide ó dheas. Is cosúil go bhfuil an long, ar a dtugtar an Yantar, in ann cur isteach ar cháblaí fomhuirí. Chonacthas an long ag seoladh síos Muir Éireann roimhe seo freisin, nuair a bhí long chabhlaigh agus aerárthach Éireannach á leanúint. Meastar an uair seo mar ardú céime, áfach, mar a fuarthas amach go raibh an long ag díriú léasair ar phíolótaí RAF a seoladh chun faireachas a dhéanamh. Ar an láimh eile, tá ambasáid na Rúise sa Ríocht Aontaithe tar éis cúiseamh a thabhairt do rialtas na Breataine as histéire mhíleata a chothú. Tá an tionscal ceoil ag agóidíocht níos mó i gcoinne na hintleachta saorga de réir mar a mhéadaíonn a húsáid sna meáin phríomhshrutha. Shroich rian na hintleachta saorga, walk my walk, uimhir a haon i gcairt díolacháin dhigiteacha fógraí sna Stáit Aontaithe. Fuair an t-ardán sruthaithe Deezer amach freisin go ngineann an intleacht shaorga thart ar tríocha a ceathair faoin gcéad d’uaslódálacha laethúla. Tá Paul McCartney ar dhuine de na ceoltóirí is déanaí atá ag teacht amach i mbun agóide agus rian beagnach go hiomlán ciúin eisithe aige. Tá sé seo mar chuid d'fheachtas níos leithne chun cosc a chur ar algartaim a oiliúint ar cheol atá ann cheana féin gan aon dleachtanna a íoc. I measc na gceoltóirí eile atá páirteach cheana féin tá Kate Bush agus na Pet Shop Boys. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS Fórsa Cobhsaíochta Idirnáisiúnta - International Stabilisation Force caomhnóireacht - guardianship long spiaireachta - spy ship histéire mhíleata - military hysteria sna meáin phríomhshrutha - in the mainstream media dleachtanna - royalties

    6 min
  8. 15/11/2025

    15 Samhain 2025 (Tír Eoghain)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an cúigiú lá déag de mhí na Samhna. Is mise Niall Ó Siadhail. Insealbhaíodh Catherine Connolly mar Uachtarán na hÉireann Dé Máirt, ag searmanas i Halla Naomh Pádráig taobh istigh de Chaisleán Bhaile Átha Cliath. Bhí gaolta agus cairde an Uachtaráin nua i láthair, chomh maith le ceannairí polaitiúla na hÉireann agus an triúr iarUachtarán a mhaireann, Mary Robinson, Mary McAleese agus Micheál D. Ó hUiginn. Cuireadh tús leis an ócáid le beannachtaí ó cheannairí na gcreideamh éagsúil sa tír agus ansin thug Connolly an mionn oifige as Gaeilge agus as Béarla. Ina hóráid luaigh sí na téamaí is tábhachtaí di ina téarma mar Uachtarán: an tsíocháin, neodracht na hÉireann, an ghéarchéim aeráide agus ról na Gaeilge i saol na hÉireann. Is í Connolly an deichiú hUachtarán i stair an stáit agus an tríú bean sa ról. Tá grúpa agóideoirí bundúchasacha i ndiaidh imshuí a chur ar an bhealach isteach go Comhdháil na bPáirtithe nó COP30, imeacht atá ar siúl in Belém i dtuaisceart na Brasaíle faoi láthair. Tá an lucht agóide ag iarraidh ar rialtas na Brasaíle stop láithreach a chur leis na tionscadail forbartha ar fad atá ag tarlú san Amasóin, lena n-áirítear mianadóireacht, lománaíocht, druileáil ola agus tógáil iarnróid nua. Cé go bhfuil an dífhoraoisiú tite 50% le trí bliana anuas, tá an tUachtarán Lula ag brath ar thacaíocht earnáil na talmhaíochta agus cáineadh é as neamhaird a thabhairt ar fhadhbanna móra a bhaineann leis an athrú aeráide. Bhí bua stairiúil ag foireann sacair na hÉireann oíche Déardaoin nuair a bhuaigh siad ar an Phortaingéil a dó a náid i Staid Aviva, toradh a tháinig aniar aduaidh ar lucht leanúna agus lucht anailíse sacair araon. Fuair Troy Parrott as Baile Átha Cliath dhá chúl sa chéad leath agus ansin sa dara leath tugadh cárta dearg do Cristiano Ronaldo, an chéad chárta dearg dá ghairm idirnáisiúnta i ndiaidh 226 cluiche. Bua mór a bhí ann do bhainisteoir fhoireann na hÉireann Heimir Hallgrímsson fosta. Bhí an tÍoslannach faoi bhrú i ndiaidh drochthorthaí go luath san fheachtas seo, lena n-áirítear cluiche a cailleadh i gcoinne na hAirméine. Ní thig leis na himreoirí ceiliúradh a dhéanamh go fóill, áfach. Le deis a bheith acu áit a bhaint amach i gCorn an Domhain i Meiriceá Thuaidh an bhliain seo chugainn, caithfidh siad an bua a fháil in aghaidh na hUngáire Dé Domhnaigh, cluiche a bheidh an-doiligh ar fad. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS mionn oifige - oath of office neodracht - neutrality lománaíocht - logging dífhoraoisiú - deforestation earnáil na talmhaíochta - the agricultural sector lucht leanúna agus lucht anailíse sacair - soccer fans and pundits

    6 min

About

Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. The week's main news stories, read slowly in Irish.

You Might Also Like