AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal

Seo chugaibh ‘AN POD GAEILGE’, podchraoladh ina ndéanfar plé ar chúrsaí a bhaineann leis an nGaeilge agus cúrsaí nach mbaineann leis an nGaeilge.

  1. Paiste cainte ag Helen Ní Shé le Beartla Ó Flatharta: ‘Díolfar báid na hÉireann… agus beimid ag ceannach éisc i gcomhair na Nollag’

    1D AGO

    Paiste cainte ag Helen Ní Shé le Beartla Ó Flatharta: ‘Díolfar báid na hÉireann… agus beimid ag ceannach éisc i gcomhair na Nollag’

    In Árainn a saolaíodh Beartla Ó Flatharta, nó Beirtí faoi mar a ghlaoitear go háitiúil air. Cháiligh sé ina mhúinteoir scoile agus chaith sé tréimhse ghairid ag múineadh i mBaile Átha Cliath, ach ar chuma an bhradáin a fhilleann ar a dhúchas mealladh Beartla ar ais siar abhaile go dtí Gaillimh agus tá an chuid is fearr dá shaol caite aige, os cionn dhá scór bliain, ag plé, slí amháin nó slí eile, le cúrsaí iascaireachta. Bhuail Helen leis sa Ghaillimh le déanaí, mar ar phléigh siad conas a d'imigh an t-iascach in Éirinn ón bhflúirse go dtí an meath. Deir sé anois go bhfuil sé chomh maith agat a rá go bhfuil deireadh tagtha le tionscal an iascaigh sa tír seo agus go mbeidh na báid mhóra á ndíol ceann ar cheann. ‘Bhí daoine suas go dtína mbásta i dtroisc, ní fhéadfá trosc amháin a fháil anois ann. Sin é a mharaigh é,’ a deir Beartla. Níl aon cheist ach gur ar an stát atá an milleán, a deir sé. Deir sé go raibh an damáiste déanta ag an stát faoin am gur thosaigh siad ag smaoineamh ar rialacha a thabhairt isteach. ‘Mura bhfuil an t-iasc in ann sceitheadh, ní bheidh aon iasc ann,’ a deir Beartla. Labhrann Beartla leis ar an slad a rinneadh ar éisc na hÉireann, slad a d’fhág gur ar éigean go bhfuil ‘aon iasc fágtha ar chósta na tíre seo’. Pléann siad chomh maith an t-athrú aeráide agus an lorg atá fágtha aige ar an iascach, agus cén fáth go mb’fhéidir gur dóchas amú atá ann a bheith ag brath ar thionscal na muilte gaoithe amach ó chósta na tíre. Bhain Beartla sásamh agus tairbhe as na blianta atá caite aige ag plé leis an iascach. Dírionn sé sa phaiste cainte seo le Helen ar an méid a thug an t-ascach dúinn, ar an méid a cailleadh, ar conas a cailleadh é agus ar cad é atá romhainn. Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta. ‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.

    51 min

About

Seo chugaibh ‘AN POD GAEILGE’, podchraoladh ina ndéanfar plé ar chúrsaí a bhaineann leis an nGaeilge agus cúrsaí nach mbaineann leis an nGaeilge.

More From Tuairisc Ó Bhéal

You Might Also Like