ClubLeabhar.com - Irish Language Book Club

ClubLeabhar.com

[English version below] Is tionscadal de chuid Gaelchultúr Teoranta (www.gaelchultur.com) é ClubLeabhar.com. Bunaíodh an comhlacht Gaelchultúr sa bhliain 2004 agus é mar sprioc aige an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach, idir cheol, amhránaíocht agus damhsa, a chur chun cinn i mBaile Átha Cliath agus ar fud na tíre. Tá sé mar aidhm ag ClubLeabhar.com daoine in Éirinn agus i dtíortha eile ar fud an domhain a spreagadh chun leabhair Ghaeilge a léamh. Is féidir le daoine aonair ballraíocht a bhaint amach sa chlub leabhar seo ar líne ach tá sé mar aidhm againn chomh maith na baill a spreagadh le teacht le chéile uair sa mhí in ionaid éagsúla ar fud na hÉireann agus thar lear chun an saothar a bheidh mar leabhar na míosa a phlé. Ní thógann sé ach nóiméad clárú don chlub agus níl aon táille i gceist. Roghnaítear leabhar nua gach mí agus bíonn deis ag na baill plé a dhéanamh ar an saothar i bhfóram an tsuímh. Bíonn fáil ag na baill ar aistriúcháin Bhéarla ar na focail agus frásaí is deacra sna leabhair a bhíonn á bplé, rud a éascaíonn an léitheoireacht go mór. Tá sé mar pholasaí againn leabhair atá róchasta agus acadúil a sheachaint. Tugtar tús áite d’úrscéalta agus do chnuasaigh gearrscéalta, ach bíonn seánraí eile (filíocht agus leabhair thaistil, cuir i gcás) i gceist ó am go chéile chomh maith. Bíonn meascán ann de leabhair nua-fhoilsithe agus clasaicigh atá fós i gcló. Más mian leat go mbeadh leabhar Gaeilge a thaitníonn go mór leatsa mar leabhar na míosa ar an suíomh seo, bí i dteagmháil linn! Tá liosta le fáil ar Clubleabhar.com de na clubanna leabhar Gaeilge atá ag feidhmiú in Éirinn cheana féin agus tá Gaelchultúr ag súil go spreagfaidh an tionscadal seo ar líne daoine le clubanna nua a thosú, ní hamháin in Éirinn ach i dtíortha eile mar na Stáit Aontaithe agus an Astráil ina bhfuil lucht na Gaeilge gníomhach cheana féin. Tá comhairle agus tacaíocht ar fáil sa rannóg Bunaigh Club dóibh siúd a bhfuil spéis acu a gclub leabhar féin a bhunú. Is féidir na leabhair a bhíonn á bplé ar ClubLeabhar.com a cheannach ar siopa.ie. Ar an suíomh sin, tá deis agat leabhar amháin a cheannach nó beart de na leabhair ar fad a bhíonn á bplé i ngach sraith. Tá maoiniú á chur ar fáil do Clubleabhar.com ag Clár na Leabhar Gaeilge (Foras na Gaeilge). [Leagan Gaeilge thuas] The ClubLeabhar.com project is run by Gaelchultúr Teoranta (www.gaelchultur.com). The company was established in 2004 with the aim of promoting the Irish language and various aspects of Irish culture, including music, song and dance, in Dublin and around the country. ClubLeabhar.com aims to encourage people in Ireland and abroad to read Irish language books. Individuals can become members of this online book club but we also want to encourage the members to meet once a month in various locations around Ireland to discuss the work that will be the book of the month. There is no membership fee. It only takes a minute to register for the club and there’s no membership fee. A new book is chosen each month and club members have an opportunity to discuss this book in the website’s forum. Members have access to English translations of the most difficult words and phrases in the books being discussed, which makes reading them a lot easier. It’s our policy to avoid books that are too difficult or academic. The focus is on novels and short-story collections for the most part, but books from other genres (poetry and travel books, for example) are discussed from time to time. There is a mix of newly-published books and classics that are still in print. If you would like a book in Irish that you’ve enjoyed to be book of the month on this site, please contact us! There is a list available on Clubleabhar.com of the Irish language book clubs already functioning in Ireland and Gaelchultúr hopes that this online project will encourage peopl

  1. 4d ago

    Nollaig Oileánach – Leabhar mhí na Nollag 2026 | December's Book of the Month 2026

    English version below] Cur síos ar shaol oileáin atá anseo, oileán atá bánaithe anois – Inis Treabhair i gCeantar na nOileán i gConamara – sa tréimhse réamhleictreachais agus gan ach timpeall dhá scór duine ina gcónaí ar an oileán. Tá cur síos le fáil ar an Nollaig, ar shaol agus obair na ndaoine, caitheamh aimsire, nósanna agus ar mhuintir an oileáin féin agus mar a chuaigh siad i ngleic leis an saol laethúil ar oileán cung. Cé gur léiriú pearsanta é seo ón taobh istigh, is léiriú freisin é ar thionchar an tsaoil mhóir amuigh agus mar a chuaigh i bhfeidhm ar óige an údair. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Eilís Everard agus Dubhán Ó Longáin [Leagan Gaeilge thuas] This is a memoir about Christmas time growing up in the 1960s and early 1970s. on a small remote island, Inis Treabhair, which is situated off the coast of Connemara. The author, Micheál Ó Conghaile grew up on Inis Treabhair and in this memoir, he writes about his childhood memories of Christmas, but also about life in general in this small community. Inis Treabhair is a small island which is now uninhabited, but at the time Ó Conghaile was growing up there were five families living there and between 10 and 20 students in the school. Micheál Ó Conghaile is one of Ireland’s foremost contemporary Irish-language writers. Member of Aosdána. Founder of Cló Iar-Chonnacht in 1985. Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Eilís Everard and Dubhán Ó Longáin

    Nollaig Oileánach – Leabhar mhí na Nollag 2026 | December's Book of the Month 2026
  2. Mar 23

    Glórtha an Tráthnóna - Leabhar mhí Aibreáin 2026 | April's Book of the Month 2026

    [English version below] Faoi ainm cleite a foilsíodh an chéad úrscéal a scríobh Natalia Ginzburg i 1942, ach fán bhliain 1947 bhí sí saor le scríobh faoina hainm féin. Tháinig rabharta úrscéalta uaithi as sin amach, mar aon le haistí, gearrscéalta, agus eile. Áirítear í ar mhórscríbhneoirí Iodáilise a linne. I 1961 a tháinig Le voci della sera amach. Tá an scéal suite i mbaile tuaithe in iarthuaisceart na hIodáile sna 1940í. Ríomhtar an scéal trí shúile mná óige, agus faightear spléachadh ar a saol siúd agus ar shaol na gcomharsan, go háirithe ar imeachtaí an dream ar leo an mhonarcha ar a bhfuil an dúiche ar fad beo. Tá cúrsaí polaitiúla agus sóisialta i gceist, chomh maith le cúrsaí grá agus pósta, rudaí nach ritheann go réidh do dhuine ar bith san áit, agus ní taise do bhean inste an scéil é. Tá lámh éadrom ag an údar ar an insint, agus súil ghéar, agus cluas ghéar, agus ligtear do phearsanra an scéil iad féin a léiriú, an-mhinic, trí ráitis a mbéil féin. Ón eagrán Iodáilise a d’fhoilsigh Einaudi i 1971 (athchló 1979) a aistríodh Glórtha an Tráthnóna. Aistrithe ón Iodáilis ag Máire Nic Mhaoláin, buaiteoir Ghradam de Bhaldraithe, 2024. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: aitlín Nic Íomhair agus Oisín Montanari [Leagan Gaeilge thuas] Our primary narrator in Voices in the Evening is Elsa, an as-yet-unmarried woman of a certain age—dismaying her hypochondriac mother—who describes the colorful natives of this small village. Her dialogue is rich, ranging from amusing character studies to heartbreaking developments, all of which subtly reflect a society rebuilding itself after tremendous loss. Ginzburg’s work often focuses on individuals in the time around World War II, when many isms—Communism, Fascism, Catholicism, Nationalism—provided conflicts across Italy, and within communities and families. Though the political context is important in understanding the nuances of her work, Ginzburg’s talent, and how fresh these stories still feel, is in her note-perfect characterizations. The many political frictions offer a context, but it’s these imaginary/real people who are front and center. Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Caitlín Nic Íomhair and Oisín Montanari

    Glórtha an Tráthnóna - Leabhar mhí Aibreáin 2026 | April's Book of the Month 2026
  3. Feb 26

    Na Bróga Peile agus Scéalta Eile - Leabhar mhí an Mhárta 2026 | March's Book of the Month 2026

    [English version below] Póg neamhcheadaithe; déantúsán luachmhar a aimsíonn déagóir sa Bhoireann; ciceanna pionóis le glacadh; duine óg ag glacadh páirt sa chlár teilifíse Cé Ar Mhaith Leis A Bheith ina Mhilliúnaí?; aisteoirí amaitéaracha ag dul amach ar stáitse den chéad uair agus go leor eile. Cnuasach spreagúil atá anseo a thugann an léitheoir ar thurais éagsúla: chuig óige an scéalaí i gCorcaigh; chuig cathracha iasachta ar nós Sydney na hAstráile, Manchain agus Londain i Sasana; chuig Oileán Bharra in Albain; chuig Ardoifig an Phoist le linn Éirí Amach na Cásca 1916 agus chuig Láthair an Áir sa bhliain 1914. Is as Cathair Chorcaí ó dhúchas do Sheosamh Céitinn. D’fhreastail sé ar Choláiste na hOllscoile Corcaigh. Chaith sé breis is tríocha bliain ag múineadh na Gaeilge i mBaile Átha Luain sula ndeachaigh sé ar scor sa bhliain 2022. I measc na leabhar atá foilsithe aige tá Tomás Oileánach (1992) faoin údar Gaeilge mór le rá, an leabhar gramadaí Graiméar don Mheánscoil (Mentor Books 2012) agus bhí sé ina chomhúdar ar an tsraith Maoin (Mentor Books 2009) chomh maith leis an leagan nua den tsraith a foilsíodh sa bhliain 2020. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Katie Whelan agus Jody Buckley-Coogan [Leagan Gaeilge thuas] This is the first short story collection by Seosamh Céitinn. An unexpected kiss; a teenager stumbles across a valuable object in the Burren; tense penalty shootouts; a young contestant on Who Wants to Be a Millionaire?; amateur actors stepping onto the stage for the very first time—and plenty more. This is a captivating collection that takes readers on a variety of journeys: back to the author’s childhood in Cork; to faraway cities like Sydney, Manchester, and London; to the remote Scottish island of Barra; into the General Post Office during the Easter Rising of 1916; and to a haunting massacre site in 1914. Seosamh Céitinn was born and raised in Cork City. He attended University College Cork, where he earned both a BA and an MA in Modern Irish before completing a Higher Diploma in Education. He spent over thirty years teaching Irish in Athlone before retiring in 2022. He published his first book, Tomás Oileánach, in 1992, about the well- known Irish-language writer Tomás Ó Criomhthain. Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Katie Whelan and Jody Buckley-Coogan

    Na Bróga Peile agus Scéalta Eile - Leabhar mhí an Mhárta 2026 | March's Book of the Month 2026

Ratings & Reviews

5
out of 5
2 Ratings

About

[English version below] Is tionscadal de chuid Gaelchultúr Teoranta (www.gaelchultur.com) é ClubLeabhar.com. Bunaíodh an comhlacht Gaelchultúr sa bhliain 2004 agus é mar sprioc aige an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach, idir cheol, amhránaíocht agus damhsa, a chur chun cinn i mBaile Átha Cliath agus ar fud na tíre. Tá sé mar aidhm ag ClubLeabhar.com daoine in Éirinn agus i dtíortha eile ar fud an domhain a spreagadh chun leabhair Ghaeilge a léamh. Is féidir le daoine aonair ballraíocht a bhaint amach sa chlub leabhar seo ar líne ach tá sé mar aidhm againn chomh maith na baill a spreagadh le teacht le chéile uair sa mhí in ionaid éagsúla ar fud na hÉireann agus thar lear chun an saothar a bheidh mar leabhar na míosa a phlé. Ní thógann sé ach nóiméad clárú don chlub agus níl aon táille i gceist. Roghnaítear leabhar nua gach mí agus bíonn deis ag na baill plé a dhéanamh ar an saothar i bhfóram an tsuímh. Bíonn fáil ag na baill ar aistriúcháin Bhéarla ar na focail agus frásaí is deacra sna leabhair a bhíonn á bplé, rud a éascaíonn an léitheoireacht go mór. Tá sé mar pholasaí againn leabhair atá róchasta agus acadúil a sheachaint. Tugtar tús áite d’úrscéalta agus do chnuasaigh gearrscéalta, ach bíonn seánraí eile (filíocht agus leabhair thaistil, cuir i gcás) i gceist ó am go chéile chomh maith. Bíonn meascán ann de leabhair nua-fhoilsithe agus clasaicigh atá fós i gcló. Más mian leat go mbeadh leabhar Gaeilge a thaitníonn go mór leatsa mar leabhar na míosa ar an suíomh seo, bí i dteagmháil linn! Tá liosta le fáil ar Clubleabhar.com de na clubanna leabhar Gaeilge atá ag feidhmiú in Éirinn cheana féin agus tá Gaelchultúr ag súil go spreagfaidh an tionscadal seo ar líne daoine le clubanna nua a thosú, ní hamháin in Éirinn ach i dtíortha eile mar na Stáit Aontaithe agus an Astráil ina bhfuil lucht na Gaeilge gníomhach cheana féin. Tá comhairle agus tacaíocht ar fáil sa rannóg Bunaigh Club dóibh siúd a bhfuil spéis acu a gclub leabhar féin a bhunú. Is féidir na leabhair a bhíonn á bplé ar ClubLeabhar.com a cheannach ar siopa.ie. Ar an suíomh sin, tá deis agat leabhar amháin a cheannach nó beart de na leabhair ar fad a bhíonn á bplé i ngach sraith. Tá maoiniú á chur ar fáil do Clubleabhar.com ag Clár na Leabhar Gaeilge (Foras na Gaeilge). [Leagan Gaeilge thuas] The ClubLeabhar.com project is run by Gaelchultúr Teoranta (www.gaelchultur.com). The company was established in 2004 with the aim of promoting the Irish language and various aspects of Irish culture, including music, song and dance, in Dublin and around the country. ClubLeabhar.com aims to encourage people in Ireland and abroad to read Irish language books. Individuals can become members of this online book club but we also want to encourage the members to meet once a month in various locations around Ireland to discuss the work that will be the book of the month. There is no membership fee. It only takes a minute to register for the club and there’s no membership fee. A new book is chosen each month and club members have an opportunity to discuss this book in the website’s forum. Members have access to English translations of the most difficult words and phrases in the books being discussed, which makes reading them a lot easier. It’s our policy to avoid books that are too difficult or academic. The focus is on novels and short-story collections for the most part, but books from other genres (poetry and travel books, for example) are discussed from time to time. There is a mix of newly-published books and classics that are still in print. If you would like a book in Irish that you’ve enjoyed to be book of the month on this site, please contact us! There is a list available on Clubleabhar.com of the Irish language book clubs already functioning in Ireland and Gaelchultúr hopes that this online project will encourage peopl

You Might Also Like