AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal

Seo chugaibh ‘AN POD GAEILGE’, podchraoladh ina ndéanfar plé ar chúrsaí a bhaineann leis an nGaeilge agus cúrsaí nach mbaineann leis an nGaeilge.

  1. Jul 8

    Paiste Cainte ag Helen Ní Shé…le Liadh Ní Riada: ‘Do theipeas i maths san Ardteist agus do chríochnaíos suas mar chomhordaitheoir ar choiste an bhuiséid san Eoraip’ 

    Ar eagrán na seachtaine seo de ‘Paiste Cainte le Helen Ní Shé’ is in Ionad Cultúrtha an Dochtúir Ó Loingsigh i nGaeltacht Mhúscraí atá Helen agus í i mbun comhrá le Liadh Ní Riada, bainisteoir an ionaid. Chaith Liadh tréimhse ina Feisire Eorpach i bParlaimint na hEorpa ach tá a cúl tugtha aici le saol na polaitíochta anois agus gan aon rún aici seasamh d’oifig phoiblí arís.  Labhair sí le Helen faoina hóige i nGaeltacht Mhúscraí, áit ar fhás sí aníos ina dílleachta tar éis bhás a athar Seán agus í ceithre bliana d’aois agus bás a máthar Ruth agus í deich mbliana d’aois.  I measc na n-ábhar cainte a bhí ag Helen agus Liadh bhí an iarracht a thug Liadh faoi Áras an Uachtaráin in 2018, ar ‘botún’ é dar léi féin, na deacrachtaí a bhíonn ag polaiteoirí ban i saol na polaitíochta agus saol an teaghlaigh a láimhseáil in éindí, agus an lorg a d’fhág a hathair mór le rá ar a saol.  Tá Liadh ar a suaimhneas anois agus í ina bainisteoir ar an Ionad Cultúrtha ina ceantar dúchais. Agus an t-ionad ar sos samhraidh, caithfidh sí a cuid ama lena muintir sa bhaile nó ag snámh san fharraige i gCorca Dhuibhne.   Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta. ‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online new service. Visit us at www.tuairisc.ie or on social media.

    Paiste Cainte ag Helen Ní Shé…le Liadh Ní Riada: ‘Do theipeas i maths san Ardteist agus do chríochnaíos suas mar chomhordaitheoir ar choiste an bhuiséid san Eoraip’ 
  2. Jun 30

    ‘Paiste cainte ag Helen Ní Shé…le Sorcha Ní Chatháin: ‘Bhíodh náire ar dhaoine labhairt faoi aon rud mar seo, ach tá rudaí athraithe…’

    Ar eagrán na seachtaine seo de ‘Paiste Cainte le Helen Ní Shé’ ar Tuairisc Sorcha Ní Chatháin, Príomhoide Bhunscoil an Ghleanna i nGaeltacht Uíbh Ráthaigh atá i dteannta Helen. Bhí an scoil i mbéal an phobail mar gheall ar an bhfeachtas a troideadh sa phobal leis an scoil a choimeád oscailte, aitheantas mar scoil Ghaeltachta a bhaint amach di agus pátrúnacht mar scoil ilchreidmheach a chur i bhfeidhm i scoil bheag tuaithe. Thug Helen aghaidh ar Uíbh Ráthach le déanaí chun paiste cainte a dhéanamh le Sorcha agus aithne a chur ar an mbean lasmuigh de dhoirse na scoile. Labhair siad faoin tógáil a fuair sí óna máthair Maj, arb as an tSualainn di, agus a hathair, an t-iar-Ollamh i Roinn an Bhéaloidis in UCD, Séamus Ó Catháin. Labhrann siad chomh maith faoin bhfiosracht a thagann agus a imíonn i gcás an pháiste uchtaithe agus faoin mbuaine a bhaineann leis ngrá a thugann a tuismitheoirí di. Labhrann Sorcha faoin mbród atá uirthi gur éirigh léi buachaill óg álainn, Luke, a thógáil mar mháthair shingil, agus faoin gcinneadh mór a rinne sí bogadh go dtí Uíbh Ráthach chun tús a chur le saol nua, lena fear Ger. Pléann siad chomh maith an tábhacht a bhaineann le labhairt amach faoinár mothúcháin agus a bheith ábhairín beag ceanndána.   Labhrann Sorcha faoin ualach agus briseadh croí a bhain le bheith ag súil agus an páiste a chailliúint. ‘Tá sé ok a rá nach bhfuil tú ok,’ a deir Sorcha. Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’.  Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta. ‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.

    ‘Paiste cainte ag Helen Ní Shé…le Sorcha Ní Chatháin: ‘Bhíodh náire ar dhaoine labhairt faoi aon rud mar seo, ach tá rudaí athraithe…’
  3. Jun 24

    Paiste cainte ag Helen Ní Shé le hAingeal Ó Buachalla: ‘Ní féidir linn ligean orainn go bhfuil saoirse againn nuair nach bhfuil saoirse ag an tír go léir’

    Ar eagrán na seachtaine seo de Phaiste Cainte le Helen Ní Shé san ardchathair atá Helen chun comhrá a dhéanamh le hAingeal Ó Buachalla, Gael agus poblachtánach ó thuaisceart chathair Chorcaí, mar a raibh siopa grósaera ag a muintir. Tháinig Aingeal Ní Cháinte go dtí an nGráig i gCorca Dhuibhne i ndeireadh na ndaichidí agus í ina cailín óg agus bhí sí faoi dhraíocht ag an ndúthaigh as san amach. Bhí rian láidir an phoblachtánachais sa teaghlach agus mharaigh fórsaí na Breataine beirt uncailí dá cuid i gCorcaigh i Nollaig na bliana 1920. D'fhág san a rian uirthi agus ar an gcóras oideachais a roghnaigh a muintir di ina dhiaidh sin.  Tá sí aon bhliain déag is ceithre fichid anois agus í ag cur fúithi i mBaile Átha Cliath, aar a gcaith sí a bhformhór a saoil lena fear céile, Breandán Ó Buachalla, scoláire, Beannacht Dé leis. Is mó rud á phléigh Aingeal agus Helen ach a mbuaileadar le chéile le déanaí, ó  hóige i gCorcaigh go dtí Corca Dhuibhne, gluaiseacht na naíonraí agus an feachtas le Scoil Dhún Chaoin a choimeád oscailte.  Ach más san ardchathair di le fada, deir Aingeal gurb í cathair Chorcaí an chathair is breátha in Éirinn. Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta. ‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.

    Paiste cainte ag Helen Ní Shé le hAingeal Ó Buachalla: ‘Ní féidir linn ligean orainn go bhfuil saoirse againn nuair nach bhfuil saoirse ag an tír go léir’
  4. Jun 16

    Paiste cainte ag Helen Ní Shé le…Maidhc Sé: ‘ ̌Deirtear gur fearr an troid ná an t-uaigneas ach déarfainn níl aon mhaitheas a bheith ag troid an t-am ar fad freisin’

    Ar an Dromaid i ndeisceart Chiarraí atá Helen d’eagrán na seachtaine seo agus í ag labhairt leis an bhfeirmeoir Maidhc Sé agus cur síos á dhéanamh aige ar na hathruithe atá tagtha ar an saol óna óige agus an taitneamh a bhaineann sé as fáilte a chur roimh dhaoine óga le riachtanais speisialta chuig an bhfeirm. Baitsiléir a mhaireann ina aonar é an feirmeoir Maidhc Sé ach a bhfuil gach iarracht á dhéanamh aige a bheith i gcomhluadar. I measc na rudaí a bhíonn sé sáite ann, tá an scéim ‘Feirmeoireacht Shóisialta Chiarraí’, faoina gcuireann Maidhc fáilte roimh dhaoine a bhfuil riachtanais speisialta acu chun píosa oibre a dhéanamh leis ar an bhfeirm. Deir Maidhc gurb é an cinneadh is fearr a rinne sé riamh dul leis an scéim agus go mbaineann sé féin an oiread pléisiúir as an gcomhluadar is a bhaineann na leaideanna a thagann chuige. Labhraíonn Maidhc chomh maith faoin athrú atá tagtha ar an saol ó bhí sé féin ina leaid óg agus na cuimhní atá aige ar theacht na haibhléise. Is cuimhin leis, mar shampla, aintín agus uncail leis nach raibh toradh chluiche ceannais na hÉireann 1968 acu go dtí an Mháirt tar éis chluiche ceannais an Domhnaigh. Anois, is féidir an scéal is déanaí ó chluiche Phiarsaigh na Dromad a fháil i lár an aifrinn, ar sé. Insíonn sé do Helen freisin conas go bhfuil bladhmghunna ó eitleán Naitsíoch sa teach aige. Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta. ‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.

    Paiste cainte ag Helen Ní Shé le…Maidhc Sé: ‘ ̌Deirtear gur fearr an troid ná an t-uaigneas ach déarfainn níl aon mhaitheas a bheith ag troid an t-am ar fad freisin’

About

Seo chugaibh ‘AN POD GAEILGE’, podchraoladh ina ndéanfar plé ar chúrsaí a bhaineann leis an nGaeilge agus cúrsaí nach mbaineann leis an nGaeilge.

More From Tuairisc Ó Bhéal

You Might Also Like